Éire ag Comhdháil Síochána Versailles

Is éard is Éire ag Comhdháil Síochána Versailles ann ná iarracht na hÉireann aitheantas a fháil dá neamhspleáchas ar mhodh achainí chun Chomhdháil Síochána Versailles a reáchtáladh idir 1919 agus 1920.

Níor éirigh leis an achainí, agus séanadh éisteacht ar Éirinn. Thosaigh Óglaigh na hÉireann ar threallchogaíocht i gcoinne fhórsaí na Corónach i rith Chogadh na Saoirse, agus tugadh freagra brúidiúil orthu. Níorbh é an bealach foréigneach seo chun féinrialtais an bealach ba rogha leis na poblachtaigh. Ba fhreagra neamhphleanáilte é, ar bhealach, ar an gcaoi ar theip orthu in Versailles.

Deireadh an chogaidh cuir in eagar

Tháinig an Chomhdháil Síochána as an ár agus an sléacht ar gach taobh sa chéad dá bhliain den chogadh. Ina theannta sin, in ainneoin an áir sin, ní fhacthas aon bhogadh suntasach sna línte tosaigh a bunaíodh i bhFómhar na bliana 1914 ar an bhFronta Thiar.

De bhrí gur theip ar an stát Rúiseach agus ar an stát Ostra-Ungárach araon, eagrú mar is ceart le haghaidh cogaidh, buaileadh go holc iad arís is arís eile. Bhí an Ghearmáin tar éis gluaiseacht chun tosaigh gan stad gan staonadh trí thailte na Polainne a bhí gafa ag an Rúis céad bliain agus níos mó roimhe sin. Ba theip mhór a bhí i bhfeachtas Gallipoli.

Go dtí lár na bliana 1918, bhí an chuma ar an scéal go raibh an lámh in uachtar ag na Cumhachtaí Láir sa chogadh. Mar sin, bhí cúiseanna ann chun comhréiteach a lorg. Bhuaigh na fórsaí a bhí i gcoinne sos comhraic orthu siúd a bhí ag tacú le beart den sórt sin, agus leanadh de na maruithe. Dá bharr sin, bhí éirí amach sa Rúis, bhí ceannaircí in airm na Fraince, bhí ardú i dteannas polaitiúil agus sóisialta sa Bhreatain Mhór, chuaigh Meiriceá isteach sa chogadh agus thit impireachtaí na Gearmáine agus na Tuirce agus an Impireacht Ostra-Ungárach.

Maidir leis an gcomhdháil a tionóladh ina dhiaidh sin ar fad in Versailles in Eanáir na bliana 1919, cuireadh ar bun í toisc gur ghéill an Ghearmáin.

Tionchar an tsosa cogaidh ar Éirinn cuir in eagar

Ó thaobh ghluaiseacht phoblachtach na hÉireann de, bhí gnéithe dearfacha agus diúltacha ag baint leis an athrú sin ar an scéal. Dá mba rud é gur comhaontaíodh sos comhraic ag deireadh na bliana 1916, abair, ní bheadh na fórsaí sin chomh láidir is a bhí siad sa tír dhá bhliain ina dhiaidh sin. Bheadh leas frithpháirteach ag na stáit impiriúla a bhí ag seoladh an dá thaobh den chogadh smacht a choinneáil ar a bpobail faoi ghéillsine. Dá mbeidís tar éis sos comhraic a chomhaontú le linn 1917 nó 1918, bheadh poblachtaigh na hÉireann níos fearr as. I rith na tréimhse sin, d’éirigh an poblachtachas ní ba láidre agus ní b'eagraithe toisc gur i gcoinne an chogaidh a bhí sé. Ina theannta sin, chuaigh an dá dhream cogaíochta i mbun sraith de chleasa taidhleoireachta, agus náisiúin a bhí faoi chois ag an taobh eile á ngríosú acu tríd an tsaoirse a ghealladh dóibh d'fhonn an bonn a bhaint ó iarracht chogaidh a namhad.

Nuair a tharla an sos cogaidh dáiríre – is é sin le rá nuair a ghéill an Ghearmáin – i Samhain na bliana 1918, bhí an scéal tar éis athrú an athuair. Ba iad Sinn Féin an fórsa ceannasach i bpolaitíocht na hÉireann faoin tráth sin, mar is léir ón mbua a bhí acu in olltoghchán na bliana 1918. Toisc go raibh toradh soiléir leis an gcogadh agus go raibh an Bhreatain Mhór ar thaobh na mbuaiteoirí, is ar éigean a bhí aon seans ag poblachtaigh na hÉireann bealach taidhleoireachta chun an neamhspleáchais a aimsiú.

An ghné idirnáisiúnta cuir in eagar

Ó toghadh an Cunta Pluincéid san fhothoghchán cinniúnach i Ros Comáin i bhFeabhra 1917 ba chuid ríthábhachtach de straitéis na bpoblachtach achainí a dhéanamh chun na comhdhála síochána. I gcaitheamh na 18 mí ina dhiaidh sin, i dteannta gealltanas chun staonadh ó fhreastal ar Pharlaimint Westminster, ba é bunchloch fheachtas na scarúnaithe é. I rith Ard-Fheis Shinn Féin i nDeireadh Fómhair 1917, léiríodh an beartas sa leasú ar bhunreacht an pháirtí inar caitheadh seanghealltanas na démhonarcachta i dtraipisí i bhfabhar an lánphoblachtachais.

Seo é a bhí sa chlásal nua:

“Is é atá Sinn Féin do lorg ná admháil na hÉireann do bheith ina poblacht neamhspleách Gaelach ó chiníocha an domhain. Ar bhaint na hadmhála sin amach, féadfaidh muintir na hÉireann, de réir a dtola féin, rogha do dhéanamh ar an ngné rialtais is fearr leo.”

Thug an páirtí gealltanas freisin i bhforógra toghcháin sa bhliain 1918 chun achainí a dhéanamh “ar an gComhdháil Síochána náisiún neamhspleách a dhéanamh d’Éirinn.”

Bhí an “Scéal ó Dháil Éireann chum Saor-Náisiún an Domhain” ar cheann de na trí théacs a bhí lárnach sna himeachtaí ag an gcéad chruinniú de Dháil Éireann a tionóladh an 21 Eanáir 1918. Ba dhearbhú cumhachtach é sin ar éileamh na hÉireann ar neamhspleáchas, agus ar a tiomantas don ord domhanda nua a bunaíodh ar cheartas agus ar chearta, ord ar thacaigh Woodrow Wilson, Uachtarán na Stát Aontaithe leis.

I gcaitheamh na seachtainí agus na míonna ina dhiaidh sin, chaith rialtas nua na Dála go leor fuinnimh ag iarraidh an t-éileamh reitriciúil seo a chur i bhfeidhm trí stocaireacht a dhéanamh ar na toscairí ollmhóra polaitíochta agus preasa a bhí tagtha le chéile i bPáras le haghaidh na gcaibidlíochta. Cé go ndearnadh roinnt dul chun cinn i dtéarmaí comhbhá áirithe a mhealladh don seasamh poblachtach, níorbh fhéidir Ceist na hÉireann a chur ar chlár oibre a bhí lán go maith cheana féin, go háirithe toisc gur dhiúltaigh an Bhreatain Mhór, a bhí ar cheann de na Ceithre Thír Mhóra a reáchtáil an ócáid, an t-iarratas a phlé fiú. Dá bharr sin ní raibh fonn ar aon cheann de na toscairí eile cur ina gcoinne. Mar sin, cuireadh bac ar an mbealach síochánta, taidhleoireachta i dtreo neamhspleáchas na hÉireann.

Féach freisin cuir in eagar