Athaontú na hÉireann

(Athsheolta ó Éire aontaithe)

Tharla críochdheighilt na hÉireann nuair a roinn Rialtas na Ríochta Aontaithe Éire ina dhá chuid féinrialaithe: Tuaisceart Éireann agus Deisceart Éireann. Achtaíodh é ar 3 Bealtaine 1921 faoin Acht um Rialtas na hÉireann (1920).[1] Ó shin i leith, tá daoine ag labhairt faoi Athaontú na hÉireann, Éire aontaithe, agus 'Éire Nua', srl.

an bhrionglóid
pobalbhreith, Red C/Sunday Times, 2010

Conspóidí cuir in eagar

Bratach nua ?

I láthair na huaire, tugann an pobal Aontachtach, tuairim is 1 mhilliún duine, a ndílseacht do Rialtas Londan, fiú is go bhfuil an dílseacht chéanna faoi bhrú mar gheall ar an dtréas a mhothaíonn sciar acu mar gheall ar an bPrótocal, Breatimeacht, Creat Windsor agus mar sin de.[2] Tá an baol ann go bhfuil an Ríocht Aontaithe chun titim as a chéile (le neamhspleáchas na hAlban) agus cá bhfágfaidh sin an Tuaisceart? Ag an am céanna, tá daoine ann ón taobh aontachtach a thuigeann go gcaithfidh siad páirt a ghlacadh sa díospóireacht faoi Éirinn Nua, nó beidh Protastúnaigh an Tuaiscirt thíos leis sa deireadh.[3]

Tá sé ráite in aidhmeanna gach mórpháirtí na 26 Chontae gur cloch ar a bpaidrín é aontú na tíre. Bhí sé ráite ag an Taoiseach Leo Varadkar in 2023 go gcreideann sé go mbeidh Éire aontaithe an athuair le linn a mharthana.[4] Ach ag an am céanna, tá fócas an phobail ó Dheas ar cheisteanna nach mbaineann le stair na tíre agus gur mó an tsuim atá acu i nithe nach mbaineann le teorainneacha is bunreachtai, srl.[2]

Dar le daoine eile, Is teip í an chríochdheighilt; chruthaigh sé na blianta fada de mheath eacnamúil sa Tuaisceart.[5]

Feoil a chur ar chnámha cuir in eagar

Molann Sinn Féin go mbunófaí tionól saoránach chun Éire aontaithe a phlé.[6]

Costas cuir in eagar

Chosnódh Athaontú na hÉireann €20 billiún gach bliain ar feadh 20 bliain le Éire aontaithe a chur i gcrích, de réir taighde foilsithe in 2024 ag an Institiúid Gnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha (agus an tOllamh John Fitzgerald comhúdar an staidéir). Chaithfí 25% sa mbreis cánach a bhailiú lena leithéid de chostas a sheasamh; é sin nó an tsuim chéanna a aimsiú i bhfoirm caiteachas an Stáit a laghdú.[7] Cuirfeadh aontú na tíre 5% d'Ollioncam módhnaithe Náisiúnta le easnamh an Stáit. Bheadh a dhá oiread i gceist dhá ndéanfaí cothromú ó thuaidh mar atá ó dheas den teorainn faoi láthair ar rátaí íocaíochtaí leasa agus ar rátaí pá san earnáil phoiblí. D’fhágfadh sin an ceathrú cuid sa mbreis ag teastáil ón Státchiste, gan dá thairbhe a deir an staidéar ach borradh beag ar theacht-isteach.[8]

An leigheas a bheadh ar an gcostas go n-athródh Tuaisceart Éireann a ngeilleagar ó bhonn, go háirid in earnáil an oideachais, leis an mbearna idir thuaidh agus theas a mhaolú agus ar mhaithe leis an ioncam ó thuaidh a ardú. Molann an staidéar freisin go dtreiseodh Tuaisceart Éireann an táirgiúlacht sa ngeilleagar, bíodh aontú ann nó ná bíodh, mar go neartófaí an caighdeán maireachtála i gcoitinne.[8][9][10]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. UCC / RTÉ. "Atlas of the Irish Revolution - Acmhainní do Scoileanna - AONAD 7, Cuid a 3". Dáta rochtana: 2023.
  2. 2.0 2.1 "Tuiscint agus aontas de dhíth ar an bhóthar i dtreo an athaontaithe < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2023-09-11.
  3. Eoin Ó Murchú (11 Meán Fómhair 2023). "Tá Protastúnaigh ann atá ar son athaontú na tíre… Éistear leo…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-09-11.
  4. Nuacht RTÉ (2023-09-07). ""Beidh Éire aontaithe le linn mo mharthana" – Taoiseach" (as ga). 
  5. Gerry Adams (2016-11-29). "Éire nua aontaithe: seo an t-am" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-09-11.
  6. Cathal Mac Coille (2 Meán Fómhair 2023). "Dá mbeadh fíordhíospóireacht thomhaiste ann faoi athaontú na hÉireann" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-09-11.
  7. Bhí na figiúirí sin bunaithe ar eolas a bailíodh sula dtáinig an víreas corónach, mar sin deir an Institiúid go mbeadh an costas níos airde fós.
  8. 8.0 8.1 Nuacht RTÉ (2024-04-04). ""€400 billiún thar 20 bliain" le Éire a aontú" (as ga-IE). 
  9. Ciarán Ó Pronntaigh (8 Aibreán 2024). "As an reicneáil < Meon Eile" (ga-IE). www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2024-04-08.
  10. Cathal Mac Coille (6 Aibreán 2024). "Tá athaontú na tíre chomh héiginnte lena chostas ach tuilleann sé fiosrú tomhaiste" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-04-08.