Íngrid Betancourt
Is polateoir de chuid na Colóime í Íngrid Betancourt agus gníomhaí ar son chearta an duine (a rugadh ar 25 Nollaig 1960) Fuadaíodh Betancourt agus í i mbun toghchánaíochta sa Cholóim i mí Feabhra 2002. Cuireadh tús le feachtas pobail agus stáit sa Fhrainc chun í a fhuascailt ó lámha an FARC agus cuireadh dlús leis an bhfeachtas sin nuair a tháinig Sarkozy i gcumhacht. Ligeadh saor í ar 2 Iúil 2008.[1]
Íngrid Betancourt | |||||
---|---|---|---|---|---|
![]() | |||||
Iúil 20, 1994 - Iúil 20, 1998 Dúiche: Bogotá
Iúil 20, 1998 - Feabhra 23, 2002 | |||||
Saol | |||||
Eolas breithe | Bogotá, 25 Nollaig 1961 (60 bliain d’aois) | ||||
Náisiúntacht |
An Fhrainc An Cholóim | ||||
Muintir | |||||
Athair | Gabriel Betancourt Mejía | ||||
Máthair | Yolanda Pulecio | ||||
Céile/Céilí |
Fabrice Delloye (en) ![]() Juan Carlos Lecompte (1997 - 2011) | ||||
Páistí |
liosta iomláin
| ||||
Oideachas | |||||
Alma mater |
Sciences Po (en) ![]() Lycée Français Louis Pasteur (en) ![]() Harris Manchester College (en) ![]() | ||||
Teangacha | An Fhraincis | ||||
Gairm | |||||
Gairm | polaiteoir | ||||
Duais |
liosta iomláin
| ||||
Creideamh | |||||
Reiligiúin | Eaglais Chaitliceach Rómhánach | ||||
Páirtithe polaitíochta | Partido Liberal Colombiano |
Bronnadh dénáisiúntacht uirthi sna 1980idí (phós sí Francach) agus thóg sí an náisiúntacht Francach. Tá meas as cuimse ag muintir na Fraince ar Betancourt toisc an misneach a thaispeáin sí le linn di a bheith i ngéibheann.
Bronnadh an gradam Chevalier de la Légion d’Honneur ar Ingrid Betancourt ag searmanas in Áras an Elysées[2] ar 14 Iúil 2008. ‘Is comhartha dóchais í Betancourt do mhuintir na Fraince,’ a dúirt uachtarán na tíre, Nicolas Sarkozy, fúithi agus é ag cur fáilte roimpi ar ais sa Fhrainc.
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ P.J. Mac Gabhann (2009). "Mná na Fraince" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-07-02.
- ↑ "Élysée Palace" (in en) (2021-06-03). Wikipedia.