Úsáideoir:MALA2009/William Butler Yeats

William Butler Yeats, c. 1920

File agus drámadóir Éireannach ba ea William Butler Yeats (fuaimnithe /’jeIts/; 13 Meitheamh 1865-28 Eanáir 1939) agus bhí sé ar dhuine de na daoine ba mhó le rá i litríocht an fichiú haois. Crann taca ba ea é dóibh siúd a bhí i mbun na litríochta in Éirinn agus i Sasana araon. Agus é amach sna blianta bhí sé mar Sheanadóir Éireannach ar feadh dhá théarma. Ba é a bhí mar cheann tiomána in Athbheochan Liteartha na hÉireann, agus bhunaigh sé Amharclann na Mainistreach in éineacht leis an mBantiarna Gregory agus Edward Martyn. Bhí sé mar cheannaire ar an amharclann sna blianta luatha. Bronnadh Duais Nobel na Litríochta air sa bhliain 1923 tar éis don Choiste Nobel an méid seo a leanas a rá faoina chuid filíochta: “inspired poetry, which in a highly artistic form gives expression to the spirit of a whole nation;” Ba é an chéad Éireannach é a tugadh an onóir sin dó.

Meastar go ginearálta go raibh Yeats ar dhuine den bheagán a scríobh an saothar is fearr dá chuid tar éis dó an Duais Nobel a bhuachan; áirítear The Tower (1928) agus The Winding Stair and Other Poems (1929) i measc na saothar sin. Rugadh Yeats i mBaile Átha Cliath agus ba ann a fuair sé a chuid oideachais, cé gur i gContae Shligigh a chaith sé a óige. Rinne sé staidéir ar an bhfilíocht le linn a óige, agus chuir sé spéis mhór sna finscéalta Éireannacha agus i gcúrsaí draíochta agus é fós an-óg. Tá baint ag na hábhair sin leis an gcéad chéim dá shaothar a mhair go dtí casadh an chéid nach mór. Foilsíodh an t-imleabhar véarsaíochta is luaithe dá chuid sa bhliain 1889, agus léiríonn na dánta sin ─ atá mall agus liriceach ─ go bhfuil siad faoi anáil Edmund Spenser agus Percy Bysshe Shelley, mar aon le liriceacht na bhfilí ón ré réamh-Rafaeilíteach.

Ó 1900 ar aghaidh, d’éirigh filíocht Yeats níos fisicí agus níos réadúla. Dhiúltaigh sé do chreidimh tharchéimniúla a óige den chuid is mó, cé go raibh sé gafa le rudaí fisiciúla agus spioradálta, mar aon le teoiricí timthriallacha an tsaoil. Thar na blianta, ghlac Yeats leis an iliomad dearcadh idé-eolaíoch, lena n-áirítear an dearcadh a léirigh an léirmheastóir Michael Valdez Moses mar seo a leanas: “those of radical nationalist, classical liberal, reactionary conservative and millenarian nihilist”.


Na Blianta Luatha

cuir in eagar

Rugadh William Butler Yeats i nDumhach Thrá, Contae Bhaile Átha Cliath, Éire. Ba de shliocht Jervis Yeats ─ saighdiúir de Chlann Bhullaí agus ceannaí línéadaigh a fuair bás sa bhliain 1922 ─ a athair, John Butler Yeats. Phós Benjamin, garmhac Jervis, duine darbh ainm Mary Butler, iníon le teaghlach a raibh talamh acu i gContae Chill Dara. Tráth a phósta bhí staidéar dlí idir lámha ag John Yeats, ach d’éirigh sé as agus chuaigh sé chuig Scoil Ealaíne Heatherley i Londain chun staidéar a dhéanamh ar an ealaín. Ba de shliocht saibhir Angla-Éireannach i gContae Shligigh a mháthair, Susan Mary Pollexfen, agus bhí gnó muilleoireachta agus loingseoireachta rathúil acu. Bhog muintir Butler Yeats go Sligeach chun fanacht lena mórtheaghlach féin, go gairid tar éis bhreith William. Smaoinigh an file óg ar an gceantar mar cheantar a óige agus mar a cheantar spioradálta. Ghlac sé leis an tírdhreach de réir a chéile mar thír a chroí, go liteartha agus go siombalach. B’ealaíontóirí cumasacha iad muintir Butler Yeats; bhí ardmheas ar a dheartháir Jack mar ealaíontóir agus bhí baint ag a dheirfiúracha, Elizabeth agus Susan — thugtaí Lollie agus Lily orthu i measc a muintire agus a gcairde — le gluaiseacht na nEalaíon agus na Ceardaíochta.

D’fhás Yeats aníos agus é mar bhall den Iar-Chinsealacht Phrotastúnach, le linn don chinseal sin a bheith in amhras faoina bhféiniúlacht. Agus a mhuintir ar son na n-athruithe a bhí ag tarlú in Éirinn den chuid is mó, bhí an t-athbheochan náisiúnach a tharla ag deireadh an naoú céad déag mar mhíbhuntáiste dó, agus chuaigh sé sin i gcion air ar feadh an chuid eile dá shaol. Sa bhliain 1997, thug a bheathaisnéisí R.F. Foster faoi deara go raibh deacht Napoleon fíor maidir le W.B. Yeats. Is é sin le rá, chun duine a thuiscint i gceart, ba chóir a bheith ar an eolas faoin saol a bhí ann agus é fiche bliain d’aois. Le linn do Yeats a bheith ina pháiste agus ina dhuine fásta óg, bhí cumhacht na Cinsealachta Protastúnaí, aicme a bhí ina mionlach sa tír, ag dul i léig. Tháinig Parnell agus gluaiseacht an Rialtais Dúchais chun cinn sna blianta 1880idí. Ansin sna 1890idí tháinig sruth an náisiúnachais chun cinn agus tháinig na Fíníní chun cinn thart ar chasadh an chéid. Bhí a chuid filíochta faoi anáil na gcúrsaí thuasluaite, agus bhí an-tionchar ag a chuid taighde maidir leis an bhféiniúlacht Éireannach ar chruthú bheathaisnéis a thíre.

Bhog an teaghlach go Sasana sa bhliain 1876, chun cuidiú le John, a n-athair, a ghairm mar ealaíontóir a chur chun cinn. Fuair páistí Yeats a gcuid oideachais sa bhaile ar dtús. Bhain siad sult as na finscéalta agus as na scéalta béaloidis óna tír dhúchais a d’insíodh a máthair dóibh. Chuir John teagasc tíreolaíochta agus ceimice ar fáil ar bhealach neamhréireach, agus chuaigh William ag spaisteoireacht in éineacht leis thart ar cheantar Slough a bhí in aice láimhe, agus é ag foghlaim faoi stair an dúlra. Thosaigh an file óg ag freastal ar Bhunscoil Godolphin an 26 Eanáir 1877 agus d’fhreastail sé ar an scoil sin ar feadh ceithre bliana. Níor tharraing sé clú air féin go hacadúil, agus dúradh faoi i dtuairisc scoile sna blianta tosaigh go raibh sé “only fair. Perhaps better in Latin than in any other subject. Very poor in spelling.” In ainneoin go raibh deacrachtaí aige le Matamaitic agus le teangacha, chuir sé spéis mhór i mBitheolaíocht agus i Zó-eolaíocht. D’fhill an teaghlach ar Bhaile Átha Cliath ag deireadh na bliana 1880 mar gheall ar chúinsí airgeadais, agus chuaigh siad chun cónaí i lár na cathrach ar dtús agus i bhfobhaile Bhinn Éadair níos deireanaí. Chuir Yeats tús lena chuid oideachais arís in Ardscoil Erasmus Smith i mBaile Átha Cliath i nDeireadh Fómhair na bliana 1881. Bhí stiúideo a athar in aice na scoile agus chaith William go leor ama ansin, agus bhuail sé le mórán d’ealaíontóirí agus de scríbhneoirí na cathrach. Thosaigh sé ag scríobh filíochta sa tréimhse sin, agus foilsíodh a chéad dánta mar aon le haiste dar teideal “The Poetry of Sir Samuel Ferguson” sa Dublin University Review. D’fhreastail William ar an Scoil Ealaíne Cathrach idir na blianta 1884 agus 1886 ─ tugtar Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha ar an áit sa lá atá inniu ann ─ i Sráid Thomáis. Bhí sé seacht mbliana déag d’aois nuair a scríobh sé an chéad saothar dá chuid a bhfuil eolas air, agus tá dán ann atá go mór faoi anáil Percy Bysshe Shelley ina ndéantar cur síos ar dhraoi a shocraigh a ríchathaoir san Áise Láir. Áirítear dréacht de dhráma lena mbaineann Easpag, manach agus bean ar chuir aoirí áitiúla págántacht ina leith, mar aon le dánta grá agus laoithe faoi ridirí meánaoiseacha na Gearmáine i measc na bpíosaí eile. Ba shaothar coinbhinsiúnach é an luathshaothar agus dár leis an léirmheastóir Charles Johnson ba shaothar é a bhí “utterly unIrish”, agus bhí sé ar nós gur tháinig sé as “vast murmurous gloom of dreams”. Agus luathshaothar Yeats ag tarraingt go tréan ar Shelley, Edmund Spenser agus ar an bhfriotal agus ar an saibhreas a bhí sa véarsaíocht a bhí ag na réamh-Rafaeilítigh, ba ghearr gur chas sé i dtreo mhiotas agus bhéaloideas na hÉireann agus scríbhneoireacht William Blake. Sna blianta deireanacha, thug Yeats ómós do Blake agus é ag rá go raibh sé ina measc seo a leanas: “great artificers of God who uttered great truths to a little clan”.

Chuaigh an teaghlach ar ais go Londain sa bhlian 1887. Bhunaigh Yeats Club Rhymer in éineacht le Ernest Rhys sa bhlian 1890. Grúpa d’fhilí i Londain a bhuailtí le chéile go rialta i dtábhairne ar Fleet Street chun véarsaíocht a aithris a bhí iontu. Tugadh an “Tragic Generation” ar an gcomhchoiste ina dhiaidh sin agus d’fhoilsigh siad dhá dhuanaire: sna blianta 1892 agus 1894 faoi seach. Comhoibrigh sé le Edwin Ellis ar an gcéad eagrán críochnúil de shaothar William Blake, agus lena linn sin tháinig sé ar dhán dearmadta: “Vala, or, the Four Zoas”. Scríobh Yeats aiste faoi Shelley ag deireadh a shaoil agus san aiste sin dúirt sé: “I have re-read Prometheus Unbound... and it seems to me to have an even more certain place than I had thought among the sacred books of the world.”

Bhí suim ag Yeats i misteachas, i spioradáltacht, i ndiamhrachas agus in astralaíocht ar feadh a shaoil. Bhí léitheoireacht fhairsing déanta aige ar na hábhair thuasluaite agus chuaigh scríbhneoireacht Emanuel Swedenborg i gcion go mór air. Scríobh sé an méid seo a leanas chomh luath le 1892: If I had not made magic my constant study I could not have written a single word of my Blake book, nor would The Countess Kathleen ever have come to exist. The mystical life is the center of all that I do and all that I think and all that I write.” Bhí na nithe misteacha thuas mar bhunús leis an bhfilíocht dheireanach a chum sé den chuid is mó. An staidéar a rinne sé ar an Hindúchas, faoi stiúir an Diasaimh Mohini Chatterjee, agus ar an diamhair ba chúis freisin lena shuim sa saol mistiúil. Mar sin féin, rinne criticeoirí áirithe neamhshuim de na tionchair sin mar gheall go raibh siad deacair a chreidiúint go hintleachtach. Go sonrach, cháin W. H. Auden an ghné seo de shaothar Yeats mar seo a leanas: “deplorable spectacle of a grown man occupied with the mumbo-jumbo of magic and the nonsense of India.”

Ba é “The Isle of Statues” an chéad dán suntasach a tháinig ó pheann Yeats, saothar fantaisíochta a ghlac le Edmund Spenser mar shampla fileata. Foilsíodh an dréacht sin in Dublin University Review, ach níor athfhoilsíodh é ó shin. Ba é an paimfléad Mosada: A Dramatic Poem (1886) an chéad fhoilsiúchán a rinne sé ina aonar: cuireadh 100 cóip de i gcló agus d’íoc a athair as an gcostas. Tháinig an bailiúchán The Wanderings of Oisin and Other Poems (1889) ina dhiaidh sin, ina raibh sraith de véarsaí a chuaigh chomh fada siar le lár na 1880idí. Dar lena bheathaisnéisí R.F. Foster tá na nithe seo a leanas sa dán fada teidealach: “obscure Gaelic names, striking repetitions [and] an unremitting rhythm subtly varied as the poem proceeded through its three sections”.

We rode in sorrow, with strong hounds three,
Bran, Sgeolan, and Lomair,
On a morning misty and mild and fair.
The mist-drops hung on the fragrant trees,
And in the blossoms hung the bees.
We rode in sadness above Lough Lean,
For our best were dead on Gavra's green.

 
Portráid 1908 a rinne John Singer Sargent

Tá “The Wanderings of Oisin” bunaithe ar liricí na Fiannaíochta a bhain le miotaseolaíocht na hÉireann agus léiríonn sé an bealach a ndeachaigh Sir Samuel Ferguson agus na réamh-Rafaeilítigh i gcion ar Yeats. Thóg sé dhá bhliain air an dán a chríochnú agus, in ainneoin gur shéan sé uaidh formhór a chuid saothar ón tréimhse seo nuair a bhí sé níos sine, bhí an dán seo ar cheann de na saothair nár shéan sé. Cuireann Oisín téama i láthair a bheadh ar cheann de na téamaí ba thábhachtaí a bheadh aige amach ansin: an tarraingteacht a bhain le saol an mhacnaimh seachas an le saol an ghnímh. Ní dhearna Yeats iarracht arís riamh dán fada a scríobh, tar éis Oisín. Áirítear Poems (1895), The Secret Rose (1897), and The Wind Among the Reeds (1899) i measc na ndánta luatha eile, ar léirsmaointe iad ar théamaí an ghrá nó ábhair mhisteacha nó rúndiamhra.

Bhí baint ag Yeats le cruthú Ord Heirméiteach Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1885. Bhí a chéad chruinniú ag an gcumann an 16 Meitheamh, le Yeats mar chathaoirleach. An bhliain chéanna, osclaíodh Lóiste Diasaimh Bhaile Átha Cliath agus tháinig Brahmin Mohini Chatterjee ón gCumann Diasaimh i Londain chun léacht a thabhairt. D’fhreastail Yeats ar a chéad shéans an bhliain dár gcionn. Bhí baint mhór aige níos déanaí leis an gCumann Diasaimh, le heirméiteachas agus le Róschrosachas Fháinne Geal an Lae eicléicteach ach go háirithe. Le linn shéansanna ó 1912 ar aghaidh, spreag spiorad ─ ar a dtugtaí “Leo Africanus” agus a mhaígh gurbh é Deamhan Yeats a bhí ann ─ cuid den tuairimíocht in Per Amica Silentia Lunae. Scaoileadh isteach chuig Fáinne Geal an Lae é i Márta na bliana 1890 agus ghlac sé leis an mana draíochtach Daemon est Deus inversus—aistrithe mar Devil is God inverted or A demon is a god reflected (Dia is ea an Diabhal inbhéartaithe nó Is dia faoi scáth é an diabhal). Earcaitheoir gníomhach ba ea é don seict a bhain le teampall Ísise Urania, agus thug sé leis isteach a uncail George Pollesfen, Maud Gonne agus Florence Farr. In ainneoin go raibh déistin air le reiligiúin theibí agus dhogmacha a bhí bunaithe ar chultais phearsantachta, bhí sé tógtha go mór leis na cineálacha daoine a casadh air ag Fáinne Geal an Lae. Bhí baint aige le coimhlintí cumhachta an Oird, le Farr agus Macgregor Mathers ach go háirithe. Ach bhí baint aige go sonrach leis an eachtra a bhain le Aleister Crowley, nuair a thug Mathers ordú dó traipisí Fháinne Geal an Lae a athshealbhú le linn “Chath Bhaile Leathaird”. Nuair a cuireadh deireadh le Fáinne Geal an Lae agus tar éis don eagraíocht a bheith roinnte ina ngéaga éagsúla, d’fhan Yeats leis an Stella Matutina go dtí 1921.

Maud Gonne

cuir in eagar

Bhuail Yeats le Maud Gonne sa bhliain 1889. Banoidhre agus Náisiúnaí teasaí ba ea í agus í 23 bliain d’aois ag an am. Bhí ocht mhí dhéag ag Yeats ar Gonne agus mhaígh sí níos déanaí gur bhuail sí leis an bhfile agus é mar “paint-stained art student.” Bhí meas mór ag Gonne ar “The Isle of Statues” agus chuaigh sí sa tóir air chun aithne a chur air. Bhí Yeats dúghafa go mór lena háilleacht agus lena bealach neamhbhailbhe, agus bhí tionchar suntasach aici ar a chuid filíochta agus ar a shaol ina dhiaidh sin.

 
Maud Gonne c. 1900

D’admhaigh sé, agus é ag breathnú siar sna blianta deireanacha “it seems to me that she [Gonne] brought into my life those days — for as yet I saw only what lay upon the surface — the middle of the tint, a sound as of a Burmese gong, an over-powering tumult that had yet many pleasant secondary notes.” Grá éagmaiseach ba ea grá Yeats, mar gheall, ar bhealach, ar an drogall a bhí air páirt a ghlacadh i ngníomhaíochas náisiúnach. Ba í Olivia Shakespear an t-aon bhean eile lena raibh sé mór sa tréimhse sin. Bhuail sé léi ar dtús sa bhliain 1896 agus scar siad bliain ina dhiaidh sin. Thug sé cuairt ar Gonne in Éirinn sa bhliain 1895 agus chuir sé ceiliúr pósta uirthi, ach dhiúltaigh sí. D’admhaigh sé ina dhiaidh sin gur ón bpointe sin ar aghaidh “the troubling of my life began.” D’iarr Yeats ar Gonne é a phósadh trí huaire eile: sna blianta 1899, 1900 agus 1901. Dhiúltaigh sí gach ceiliúr pósta agus sa bhliain 1903, phós sí an Maor John MacBride, an náisiúnaí Éireannach, rud a chur as go mór do Yeats.

Lean an cairdeas i gcónaí idir Yeats agus Gonne, agus sa bhliain 1908 chaith siad an oíche lena chéile i bPáras. Rinne duine dá chuid leannán cur síos ar an eachtra mar seo a leanas: “The long years of fidelity rewarded at last”. Ní raibh an maoithneachas céanna ar Yeats agus dúirt sé níos deireanaí: “the tragedy of sexual intercourse is the perpetual virginity of the soul.” Níor cuireadh tús le ré nua sa chaidreamh tar éis dóibh an oíche a chaitheamh le chéile, agus scríobh Gonne chuig an bhfile go gairid ina dhiaidh sin agus í ag léiriú nárbh fhéidir leo leanúint ar aghaidh mar a bhí siad in ainneoin an chaidrimh fhisiciúil: Dúirt sí: “I have prayed so hard to have all earthly desire taken from my love for you & dearest, loving you as I do, I have prayed & I am praying still that the bodily desire for me may be taken from you too.” Faoi Eanáir na bliana 1909, bhí Gonne ag scríobh litreacha chuig Yeats agus í ag moladh an bhuntáiste a bhain le healaíontóirí a bhí ag staonadh ó ghnéas. Beagnach fiche bliain ina dhiaidh sin, caitheann Yeats súil siar ar an oíche le Gonne ina dhán “A Man Young and Old”:


My arms are like the twisted thorn
And yet there beauty lay;
The first of all the tribe lay there
And did such pleasure take;
She who had brought great Hector down
And put all Troy to wreck.

Chuir Edward Martyn Yeats in aithne don Bhantiarna Gregory sa bhliain 1896. Ba chara é Edward Martyn le Yeats agus le Bantiarna Gregory araon. Thacaigh Gregory le Yeats maidir lena shuim sa náisiúnachas, agus chuir sí ina luí air leanúint ar aghaidh ag scríobh drámaí. In ainneoin go raibh sé faoi thionchar Shiombalachas na Fraince, dhírigh Yeats ar ábhar Éireannach agus daingníodh an claonadh sin mar gheall ar an mbaint a bhí aige le glúin nua d’údair Éireannacha a bhí níos óige agus a bhí chun cinn ag an am. Bhí Yeats ar dhuine dóibh siúd a bhí freagrach as bunú ghluaiseacht Athbheochan Liteartha na hÉireann mar aon le Bantiarna Gregory, Martyn agus scríbhneoirí eile lena n-áirítear J.M. Synge, Sean O’Casey agus Padraic Colum. Cé is moite den dá scríbhneoir chruthaitheacha thuasluaite, ba mar gheall ar obair na n-aistritheoirí léannta a cuireadh dlús leis an Athbheochan. Bhíothas ag teacht ar na seanshágaí agus ar fhilíocht Oísín ar láimh amháin agus ar thraidisiún amhrán tíre, traidisiún níos déanaí i nGaeilge, ar an láimh eile. Chuidigh na haistritheoirí léannta leis an aimsiú seo. Bhí Douglas Hyde ar dhuine de na scribhneoirí ba shuntasaí díobh siúd. Bhí sé mar chéad Uachtarán na hÉireann níos déanaí, agus bhailigh sé Love Songs of Connacht, rud a thuill ardmheas i gcéin is i gcóngar dó.

Amharclann na Mainistreach

cuir in eagar

Bhunaigh Yeats, an Bantiarna Gregory, Martyn agus George Moore Amharclann Liteartha na hÉireann sa bhliain 1899, agus é mar aidhm acu drámaí Éireannacha agus drámaí Ceilteacha a chur os comhair an phobail. Tháinig idéil Amharclann na Mainistreach ó théatar avant-garde na Fraince, a rinne iarracht an méid seo a leanas a léiriú: “ascendancy of the playwright rather than the actor-manager à l’anglais.” Ba é Yeats féin a scríobh forógra an ghrúpa mar seo a leanas: “We hope to find in Ireland an uncorrupted & imaginative audience trained to listen by its passion for oratory...& that freedom to experiment which is not found in the theaters of England, & without which no new movement in art or literature can succeed.”

Lean an comhchoiste ar aghaidh ar feadh dhá bhliain ach ní raibh rath orthu. Bhunaigh an grúpa Cumann Amharclann Náisiúnta na hÉireann áfach. D’oibrigh siad le beirt dheartháir Éireannacha, William agus Frank Fay, a raibh taithí san amharclann acu, mar aon le Annie Elizabeth Fredericka Horniman, rúnaí Yeats a bhí gan tuarastal ach a raibh saibhreas dá cuid féin aici, agus Florence Farr, príomh-bhanaisteoir sa West End. D’éirigh leis an ngrúpa bunaitheoirí sin, in éineacht le J.M. Synge, áras feiliúnach a fháil i mBaile Átha Cliath agus d’oscail siad Amharclann na Mainistreach an 27 Nollaig 1904. Cuireadh dráma Yeats, Cathleen Ní Houlihan agus dráma an Bhantiarna Gregory Spreading the News i láthair ar an gcéad oíche. Bhí baint mhór ag Yeats le hAmharclann na Mainistreach go dtí go bhfuair sé bás, agus é mar chomhalta den bhord agus mar dhrámadóir a scríobh líon mór drámaí. Chabhraigh sé le Preas Dún Emer a chur ar bun sa bhliain 1902 chun saothar na scríbhneoirí, a raibh baint acu leis an Athbheochan, a fhoilsiú. Tugadh Preas Cuala air sa bhliain 1904 agus tar éis spreagadh a fháil ó Ghluaiseacht na nEalaíon agus na Ceardaíochta, theastaigh uathu teacht ar “work for Irish hands in the making of beautiful things.” D'fhoilsigh Preas Cuala, a bhí faoi stiúir deirfiúracha an fhile, 70 teideal ón am sin go dtí gur dúnadh é sa bhliain 1946 agus ba leabhair de chuid Yeats féin 48 ceann acu sin.

 
Amharclann na Mainistreach

Bhuail Yeats leis an bhfile Meiriceánach Erza Pound sa bhliain 1913. Thaistil Pound go Londain chun an fear níos sine a fheiceáil i measc rudaí eile. Mheas sé gurbh é Yeats “the only poet worthy of serious study”. Idir 1913 agus 1916, bhí an bheirt fhear ag cur fúthu in Stone Cottage in Ashdown Forest, ina raibh Pound ainmnithe mar rúnaí ag Yeats. Ní raibh tús maith leis an gcaidreamh nuair a shocraigh Pound véarsaíocht de chuid Yeats ─ ar a raibh athruithe neamhúdaraithe déanta aige ─ a fhoilsiú san iris Poetry. Léiríonn na hathruithe sin déistin Pound maidir le prosóid Victeoiriach. Bhí tionchar níos indírí ag an scoláireacht a bhain leis na drámaí Seapánacha Noh. Fuair Pound an scoláireacht úd ó bhaintreach Ernest Fenollosa agus chuir an scoláireacht sampla den dráma uasaicmeach ar fáil do Yeats, dráma a bhí beartaithe aige a scríobh. Ba é At the Hawk’s Well an chéad dráma a ghlac sampla Noh, agus dheachtaigh sé an chéad dréacht do Pound in Eanáir na bliana 1916.

Ina luathshaothar, léiríodh idéalachas an tuathánaigh Éireannaigh agus toilteanas neamhaird a thabhairt ar bhochtaineacht agus ar fhulaingt, mar gheall ar dhearcadh uasaicmeach Yeats. Tháinig gluaiseacht réabhlóideach chun cinn, áfach, ón íos mheánaicme uirbeach Chaitliceach agus tháinig athrú ar a dhearcadh dá réir. Chuaigh sé le polaitíocht ar bhealach nua a bhí níos dírí agus léirítear é sin sa dán September 1913 leis an loinneog iomráiteach “Romantic Ireland's dead and gone / It’s with O'Leary in the grave.” Déanann an dán ionsaí ar fhostóirí Bhaile Átha Cliath a raibh baint acu le Frithdhúnadh Mór Bhaile Átha Cliath 1913 d’oibrithe agus tacaíonn sé le hiarrachtaí James Larkin Gluaiseacht Lucht Oibre Éireannach a bhunú. I loinneog an dáin “Easter 1916” (“All changed, changed utterly / A terrible beauty is born”), admhaíonn Yeats gur theip air fiúntas cheannairí Éirí Amach na Cásca a aithint mar gheall ar a dhearcadh féin maidir lena gcúlraí agus lena saolta uirísle.

An pósadh le Georgie

cuir in eagar

Faoin mbliain 1916, bhí Yeats 51 bliain d'aois agus ba mhian go mór leis pósadh le go mbeadh oidhre aige. Chuir sé an ceiliúr pósta deireanach ar Maud Gonne i samhradh na bliana 1916. Dar leis, ba bhean chéile neamhoiriúnach í ar chúiseanna áirithe: bhí sí róghníomhnach sa pholaitíocht réabhlóideach le fada; bhain roinnt tubaistí pearsanta di sna blianta beaga roimhe sin, lena n-áirítear í a bheith gafa le clóraform agus a pósadh trioblóideach le John Mac Bride, réabhlóidí Éireannach ar chuir fórsaí na Breataine chun báis é toisc gur ghlac sé páirt in Éirí Amach 1916. Dar le R.F. Foster, a bheathaisnéisí, ba é ba chúis leis an gceiliúr pósta deireanach ná gur mhothaigh Yeats go raibh sé de dhualgas air í a phósadh agus nach raibh cúrsaí grá i gceist chomh mór sin i ndáiríre. Chuir Yeats an ceiliúr pósta uirthi go lagspreosach agus bhí coinníollacha leis. Bhí sé ag tnúth le go ndiúltódh sí an ceiliúr pósta agus ba mhian leis go ndiúltódh sí é chomh maith. Dar le Foster, nuair a d'iarr sé ar Maud é a phósadh agus nuair a dhiúltaigh sí, b’fhíorthapa a dhírigh sé a chuid smaointe i dtreo a hiníne. Ba í Iseult Gonne an dara páiste a bhí ag Maud agus Lucien Millevoye, agus ag an am sin, bhí Iseult 21 bliain d’aois. Saol dona go leor a bhí aici go dtí seo; bhí a tuismitheoirí ag iarraidh go dtabharfadh sí áit a dearthár, deartháir nár mhair le fada, agus ba shin an fáth ar saolaíodh Iseult. Cuireadh i láthair í mar neacht uchtaithe a máthar ar feadh na chéad bhlianta dá saol. Rinne a leasathair í a ainteagmháil nuair a bhí sí 11 bhliain d’aois. Níos faide anonn, d’oibrigh sí le hÓglaigh na hÉireann chun gunnaí a sholáthar. Nuair a bhí sí 15 bliana d’aois chuir sí ceiliúr pósta ar Yeats. Cúpla mí i ndiaidh don fhile ceiliúr pósta a chur ar Maud, chuir sé ceiliúr pósta ar Iseult ach dhiúltaigh sí.

 
William Butler Yeats, 1933. Grianghrafadóir anaithnid. Leabharlann Chomhdhála na Stát Aontaithe.

I Meán Fómhair na bliana sin, chuir Yeats ceiliúr pósta ar George (Georgie) Hyde-Lees (1892–1968) a bhí 24 bliain d’aois agus ar chas sé léi i gcomhluadar a raibh suim acu i gcúrsaí diamhra. Mhol a cairde di gan glacadh le ceiliúr pósta Yeats (“George..you can't. He must be dead”). Dá ainneoin sin, ghlac Hyde-Lees leis agus pósadh an bheirt an 20 Deireadh Fómhair. D’éirigh leis an bpósadh in ainneoin go raibh an difríocht aoise ann agus in ainneoin go raibh aiféala agus doilíos ar Yeats agus iad ar mhí na meala. Rugadh beirt pháistí dóibh, Anne agus Michael. Bhí caidrimh rómánsúla ag Yeats le mná eile níos faide anonn sa saol agus b’fhéidir go raibh caidrimh sheachphósta aige freisin. Dá ainneoin sin, scríobh George chuig a fear chéile ag rá go ndéanfadh daoine caint maidir lena chaidrimh sheachphósta nuair a bheadh sé marbh ach nach ndéarfadh sise rud ar bith mar go gcuimhneodh sí cé chomh bródúil agus a bhíodh sé.

Le linn bhlianta tosaigh a phósta, bhíodh uathscríbhneoireacht ar siúl ag an mbeirt. Is é a bhí i gceist leis seo ná go ndéanadh George teagmháil le spioraid agus le treoraithe éagsúla ar thug siad lucht teagaisc (“intructors”) orthu. Chuir na spioraid córas casta rúndiamhair de charachtair agus de stair in iúl dóibh. Rinne siad forbairt ar an gcóras seo le linn tástálacha a bhain le cúinsí an támhnéil agus le léiriú céimeanna, cón agus morghuairneán. Chaith Yeats a lán ama i mbun an t-ábhar seo a réiteach le go bhfoilseofaí é mar A Vision (1925). Sa bhliain 1924, scríobh sé le T. Werner, a fhoilsitheoir, agus d'admhaigh sé: “I dare say I delude myself in thinking this book my book of books.”

Duais Nobel

cuir in eagar

I mí na Nollag 1923, bronnadh Duais Nobel na Litríochta ar Yeats agus bhí rún aige an leas ba mhó agus ab fhéidir a bhaint as an ócáid. Thuig sé an tábhacht shiombalach a bhain le duine Éireannach a bheith ina bhuaiteoir díreach i ndiaidh neamhspleáchas a bheith bainte amach ag Éirinn agus bhí sé meáite ar aird a tharraingt air sin gach deis a fuair sé. Mar chuid den fhreagra a thug sé ar an líon mór litreacha comhghairdis a fuair sé, scríobh sé: “I consider that this honor has come to me less as an individual than as a representative of Irish literature, it is part of Europe's welcome to the Free State.” Agus é ag tabhairt a léachta ag glacadh leis an Duais in Acadamh Ríoga na Sualainne, bhain Yeats leas as an ócáid chun é féin a léiriú mar ionadaí do náisiúnachas agus neamhspleáchas cultúrtha na hÉireann. Dúirt sé go mbíodh amharclanna Bhaile Átha Cliath ina bhfoirgnimh fholmha a d'fhostaíodh cuideachtaí taistil Sasanacha; “..we wanted Irish plays and Irish players.” Nuair a tháinig na drámaí seo chun cuimhne dúinn, a dúirt sé, tháinig gach rud a bhí rómánsúil agus fileata chun cuimhne; “because the nationalism we had called up—the nationalism every generation had called up in moments of discouragement—was romantic and poetical.” Bhí i bhfad níos mó leabhar dá chuid á ndíol mar thoradh ar an duais mar rinne Macmillan, a fhoilsitheoir, iarracht leas a bhaint as an aird phoiblí a tharraing an duais ar Yeats agus ar a shaothar. Den chéad uair riamh bhí airgead aige, agus ní amháin go raibh sé in ann a fhiacha féin a íoc ach bhí sé in ann fiacha a athar a íoc chomh maith.

Faoi earrach na bliana 1925, bhí A Vision foilsithe ag Yeats, agus bhí an tsláinte ní b'fhearr aige. Ceapadh é sa chéad Seanad Éireann i 1922 agus athcheapadh é le haghaidh an dara téarma i 1925. Ní raibh sé ann i bhfad nuair a tharla díospóireacht ar an gcolscaradh. Dar le Yeats, ba é a bhí sa cheist den chuid is mó ná coimhlint idir an t-éiteas Caitliceach, a bhí ag teacht chun cinn, agus an mionlach Protastúnach. Nuair a dhiúltaigh an Eaglais Chaitliceach glan athbhreithniú a dhéanamh ar a seasamh i gcoinne an cholscartha, dhearbhaigh an Irish Times go gcruthódh aon bheart a chuirfeadh bac dlíthiúil ar cholscaradh deighilt mhór idir Caitlicigh agus Protastúnaigh agus go ndéanfadh sé críochdheighilt na tíre a chriostalú dá bharr.

 
Dealbh chuimhneacháin de Yeats i Sligeach, Éire.

Mar fhreagra, thug Yeats sraith óráidí inar chuir sé in aghaidh uaillmhianta an rialtais agus na cléire, uaillmhianta a bhí “quixotically impressive” dar leis. Dar leis, chuirfeadh a mbearta feachtais na Spáinne meánaoisí i gcuimhne do dhuine. Dúirt sé: "Marriage is not to us a Sacrament, but, upon the other hand, the love of a man and woman, and the inseparable physical desire, are sacred. This conviction has come to us through ancient philosophy and modern literature, and it seems to us a most sacrilegious thing to persuade two people who hate each other...to live together, and it is to us no remedy to permit them to part if neither can re-marry.” Cuireadh síos ar an bplé a tharla ina dhiaidh sin mar cheann de bhuaicphointí poiblí Yeats agus, ó thaobh idé-eolaíochta de, thosaigh Yeats ag bogadh ó iolrachas i dtreo na hEaglaise. D'éirigh a chuid cainte ní ba ghéire; Rinne Yeats cur síos ar Peter Finlay, sagart de chuid na nÍosánach, mar fhear a bhí thar a bheith drochbhéasach ar fad. Dúirt sé, agus aiféala air, “It is one of the glories of the Church in which I was born that we have put our Bishops in their place in discussions requiring legislation”. Le linn an ama a chaith sé sa Seanad, thug Yeats rabhadh eile dá chomhghleacaithe: “If you show that this country, southern Ireland, is going to be governed by Roman Catholic ideas and by Catholic ideas alone, you will never get the North...You will put a wedge in the midst of this nation.” Is maith is cuimhin le daoine an abairt seo a dúirt sé maidir lena chomh-phrotastúnaigh Éireannacha : “we are no petty people.”

Sa bhliain 1924, bhí sé ina chathaoirleach ar choiste monaíochta a raibh de chúram air tacar dearaí a roghnú i gcomhair chéad airgeadra Shaorstát na hÉireann. Thuig sé an chumhacht shiombalach a d'fhéadfadh a bheith in íomháineachas airgeadra stáit nua agus bhí foirm á cuardach aige a bhí “elegant, racy of the soil, and utterly unpolitical.” Bhí Yeats sásta nuair a chinn an Teach glacadh le hobair ealaíne Percy Metcalfe ar deireadh ach bhí aiféala air de bharr an teannas matánach a cailleadh sna híomhánna mar a léiríodh iad ag an deireadh, caillteanas a bhí mar thoradh ar chomhghéilleadh. D’éirigh sé as a phost mar sheanadóir i 1928 de bharr drochshláinte.

Tá an chuma ar an scéal gur éirigh Yeats báúil arís leis an gcóras uasaicmeach ag deireadh a shaoil. Tharla seo i ndiaidh Chliseadh Wall Street agus i ndiaidh an Spealta Mhóir go háirithe. Mar thoradh orthu siúd, bhí roinnt daoine in amhras maidir le cumas an daonlathais dul i ngleic le géardúsláin gheilleagracha. I ndiaidh dheireadh an Chéad Chogaidh Dhomhanda, d’éirigh sé amhrasach maidir le héifeachtacht rialtais dhaonlathaigh. Cheap sé go dtiocfadh athchóiriú polaitiúil trí rialú ollsmachtach san Eoraip. Mar thoradh ar an mbaint a bhí aige níos déanaí le Pound, tarraingíodh a aird ar Benito Mussolini. Léirigh sé ar roinnt ócáidí go raibh meas aige ar Mussolini. Scríobh sé trí amhrán máirseála − nár úsáideadh riamh − do Léinte Gorma Éireannacha Ghinearáil Eoin Duffy. Nuair a thug Pablo Neruda cuireadh dó cuairt a thabhairt ar Mhaidrid sa bhliain 1937 áfach, d’fhreagair Yeats le litir ag tacú leis an bPoblacht i gcoinne an Fhaisisteachais, agus thug sé droim láimhe don Fhaisisteachas i mblianta deiridh a shaoil.

I ndiaidh dó obráid Steinach a bheith aige i 1934 nuair a bhí sé 69 bliain d’aois bhí níos mó fuinnimh aige. Ba léir óna chuid filíochta agus óna dhlúthchaidrimh le mná níos óige ná é go raibh an tsláinte níos fearr aige. Le linn an ama seo, bhí roinnt caidrimh rómánsúla sheachphósta ag Yeats le mná áirithe. Ina measc siúd, bhí Margaret Ruddock, file agus ban-aisteoir, agus Ethel Mannin, radacaí maidir le cúrsaí gnéis a bhí ina húrscéalaí agus ina hiriseoir. D’oir an eachtraíocht earótaic d'fhuinneamh cruthaitheach Yeats, mar a d’oir riamh, agus in ainneoin go raibh sé ag dul in aois agus go raibh an tsláinte ag teip air bhí sé fós ina scríbhneoir ilghníomhach. I litir sa bhliain 1935, dúirt Yeats: “I find my present weakness made worse by the strange second puberty the operation has given me, the ferment that has come upon my imagination. If I write poetry it will be unlike anything I have done”. I 1936, ghlac sé leis an bpost mar eagarthóir ar an Oxford Book of Modern Verse, 1892–1935. Bhí tinnis éagsula ag gabháil dó ar feadh roinnt blianta agus bhásaigh sé in Hôtel Idéal Séjour in Menton, an Fhrainc an 28 Eanáir, 1939. Cuireadh é i ndiaidh sochraid dhiscréideach phríobháideach ag Roquebrune-Cap-Martin. B’iomaí uair a phléigh Yeats agus George a bhás le chéile agus ba é ba mhian leis ná go gcuirfí go tapa ciúin é sa Fhrainc. De réir George ba iad na focail bheachta a dúirt sé ná “If I die, bury me up there (ag Roquebrune) and then in a year’s time when the newspapers have forgotten me, dig me up and plant me in Sligo.” I Meán Fómhair na bliana 1948, bogadh corp Yeats go Droim Chliabh, Contae Shligigh, ar an L.E. Macha, coirbhéad de chuid Sheirbhís Chabhlaigh na hÉireann. Is as línte deiridh “Under Ben Bulben”, ceann de na dánta deireanacha dá chuid, a thagann a fheartlaoi:

Cast a cold Eye
On Life, on Death.
Horseman, pass by.

Meastar gur ceann de phríomhfhilí Béarla an 20ú haois é Yeats. Mar fhile, is féidir é a mheas mar Shiombalaí sa mhéid gur bhain sé úsáid as íomháineachas tagrach agus struchtúir shiombalacha le linn a ghairme. Roghnaíonn Yeats focail agus cuireann sé le chéile iad ionas nach amháin go dtugann siad brí áirithe le tuiscint ach go dtugann siad bríonna eile atá níos suntasaí le tuiscint freisin. Is rud fisiciúil í an úsáid a bhaineann sé as siombailí de ghnáth, rud a úsáidtear ar mhaithe leis an rud féin, agus ina theannta sin, rudaí eile, rudaí neamhfhisiciúla b’fhéidir, cáilíochtaí suthaine, a chur in iúl freisin.

Murab ionann agus formhór na nua-aoisithe a bhain triail as an tsaorvéarsaíocht, ba mháistir é Yeats freisin ar fhoirmeacha na véarsaíochta traidisiúnta. Tá tionchar an nua-aoiseachais ar a shaothar le sonrú ar an tslí ar thréig sé friotal fileata gnásúil a luathshaothair ar mhaithe le teanga níos géire agus le cur chuige níos dírí chun a chuid téamaí a chur in iúl. Is teanga agus cur chuige iad seo atá le sonrú níos mó ar fhilíocht agus ar dhrámaí dá chuid le linn a lárthréimhse. Cuimsítear na himleabhair seo a leanas sa tréimhse sin: In the Seven Woods, Responsibilities agus The Green Helmet. Tá stíl scríofa níos pearsanta ar a chuid filíochta agus drámaí níos déanaí. Tá trácht ar a mhac agus ar a iníon sna saothair a scríobh sé sna fiche bliain deiridh dá shaol mar aon le machnamh ar a bheith ag dul in aois. In “The Circus Animals’ Desertion”, dán dá chuid, déanann sé cur síos ar inspreagadh na saothar deiridh seo:

Now that my ladder's gone
I must lie down where all the ladders start
In the foul rag and bone shop of the heart.

Le linn 1929, d’fhan sé ag Thoor Ballylee den uair dheireanach, gar don Ghort i gContae na Gaillimhe (áit a raibh teach samhraidh ag Yeats ó 1919). Chaith sé an chuid is mó dá shaol ina dhiaidh sin ina chónaí thar sáile, ach mar sin féin, léasaigh sé Teach Riversdale i Ráth Fearnáin, bruachbhaile i mBaile Átha Cliath, i 1932. Scríobh sé go rafar i mblianta deiridh a shaoil agus d’fhoilsigh sé filíocht, drámaí agus prós. Sa bhliain 1938, d’fhreastal sé ar Amharclann na Mainistreach den uair dheireanach chun céad léiriú a dhráma Purgatory a fheiceáil. Foilsíodh a Autobiographies of William Butler Yeats an bhliain chéanna.

Bhain luathfhilíocht Yeats go mór le miotaseolaíocht agus le béaloideas na hÉireann ach ba mhó a bhain a shaothar ní ba dhéanaí le saincheisteanna nua-aoiseacha agus tháinig athrú ollmhór ar a stíl. Is féidir a shaothar a roinnt i dtrí thréimhse ghinearálta. Tá fíorthon réamh-Rafaeilíteach le sonrú ar a chuid luathdhánta. Tá siad ornáideach ar bhealach féin-chomhfhiosach agus, in amanna, de réir léirmheastóirí neamhbháúla, is dánta craptha iad. Ba dánta eipice a bhí á scríobh ag Yeats nuair a thosaigh sé ar dtús, dánta mar “The Isle of Statues” agus “The Wanderings of Oisin”. I ndiaidh dó “The Wanderings of Oisin” a chríochnú ní dhearna sé iarracht dán fada eile a chumadh. Is liricí iad a chuid luathdhánta eile ar théamaí an ghrá nó ar ábhair mhistiúla agus rúndiamhra. Le linn a lárthréimhse, thréig Yeats nádúr réamh-Rafaeilíteach a luathshaothair agus rinne sé iarracht stíl Landor a ghlacadh chuige féin agus a bheith ag trácht ar an tsochaí go híorónta ina chuid scríbneoireachta. Dfhéadfadh léirmheastóirí a dtaitníonn saothar a lárthréimhse leo a rá gur saothar é a bhfuil rithimí lúbacha agus láidre ann, saothar a bhfuil an nua-aoiseachas le sonrú go géar air uaireanta. Ceapann léirmheastóiri eile áfach, gur dánta laga neamhshuimiúla iad na dánta seo ó thaobh cumhacht samhlaíochta de. Fuair Yeats inspreagadh samhlaíochta nua dá shaothar níos déanaí ón gcóras mistiúil a bhí sé á dhéanamh amach aige dó féin faoi thionchar an spioradáltachais. I mbealaí éagsúla, is ag filleadh ar fhís a shaothair ní ba luaithe atá Yeats san fhilíocht seo. Déantar an deighilt idir fear an chlaímh a bhfuil a intinn gafa le cúrsaí an tsaoil, agus an fear spioradálta diaganta, téama “The Wanderings of Oisin”, a mhacasamhlú in “A Dialogue Between Self and Soul”.

 
Grianghraf de Yeats i 1923.

Maíonn léirmheastóirí áirithe go léirítear an targhabháil ón 19ú haois go nua-aoiseachas an 20ú haois i bhfílíocht Yeats mar a léirítear i bpéintéireacht Pablo Picasso. Ceistíonn léirmheastóirí eile an raibh morán cosúlachta idir saothar Yeats níos déanaí agus nua-aoisithe leithéidí Ezra Pound agus T.S. Eliot i ndáiríre. Mheas nua-aoisithe gur chaoineadh i leith mheath shibhialtacht na hEorpa de nádúr Eliot é an dán cáiliúil sin “The Second Coming”. Léirigh léirmheastóirí ní ba dhéanaí, áfach, gur dán é seo atá bunaithe ar theoiricí mistiúla apacailipteacha Yeats agus, dá bharr sin, go léiríonn an dán intinn atá faoi thionchar na 1890idí. Thosaigh a chnuasaigh filíochta is tábhachtaí le The Green Helmet (1910) agus Responsibilities (1914). Maidir le híomháineachas, ba ghonta agus ba chumhachtaí a d’éirigh filíocht Yeats de réir mar a chuaigh sé in aois. Tá roinnt de na híomhánna is cumhachtaí i bhfilíocht an 20ú haois sna dánta The Tower (1928), The Winding Stairs (1929), agus New Poems (1938); admhaítear i gcoitinne gurb iad na dánta in Last Poems ar na cinn is fearr a scríobh sé riamh.

Bhí an-suim ag Yeats i gcúrsaí mistiúla, is é sin i gcreidiúintí Diasúnachta Hiondúigh agus i gcúrsaí diamhaire agus bhí an t-ábhar seo mar phríomhbhonn ag a chuid filíochta déanaí. Tá léirmheastóirí áirithe in amhras faoi inchreidteacht intleachtúil na filíochta seo. Chun meitifisic shaothair dhéanacha Yeats a thuiscint is gá iad a léamh i gcomhthéacs a chórais de bhunphrionsabail rúndiamhra atá in A Vision (1925).

Tá an dán “The Second Coming”, dán a scríobh sé in 1920, ar an bhfoinse íomhánna is cumhachtaí faoin bhfichiú haois.

Things fall apart; the centre cannot hold;
Mere anarchy is loosed upon the world,
The blood-dimmed tide is loosed, and everywhere
The ceremony of innocence is drowned.
The best lack all conviction, while the worst
Are full of passionate intensity.

Bhí Yeats i gcoinne an daonlathais agus is éard atá i gceist le ‘the best’ ná aicmí traidisiúnta ceannais na hEorpa nach raibh in inmhe cultúr traidisiúnta na hEorpa a chosaint ar ollghluaiseachtaí ábharaíocha. Tagraíonn na línte deiridh do thuairim Yeats go raibh an stair timthriallach agus gurbh é a ré féin deireadh na timthrialla a thosaigh le teacht i dtreis na Críostaíochta.

And what rough beast, its hour come round at last,
Slouches towards Bethlehem to be born?