Edmund Spenser

file Sasanach (1552–1599)

B’fhile agus ba pholaiteoir é Edmund Spenser a mhair ag deireadh ré na dTúdarach, in aimsir na banríona Éilís (c. 155213 Eanáir 1599).[1][2]

Infotaula de personaEdmund Spenser

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1552
Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Bás13 Eanáir 1599 (Iúlach)
46/47 bliana d'aois
Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaAbtheach Westminster Cuir in eagar ar Wikidata
File Cúirte na Ríochta Aontaithe
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Pembroke
Ollscoil Cambridge Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfile, aistritheoir, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileMachabyas Childe
Elizabeth Boyle Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú

Musicbrainz: 9414bf13-c454-4522-a3b2-797d27c06239 Discogs: 1336408 IMSLP: Category:Spenser,_Edmund Find a Grave: 5941 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhain Spencer clú amach de thoradh ar a dhán epiciúilThe Faerie Queene. Is aisling fháthchiallach í an 'Faerie Queene' ag ceiliúradh ríshliocht na dTúdair agus Eilís I.

Chaith Spenser formhór a shaoil ghairmiúil in. Éirinn. Fuair sé talamh méith ar bhruach na hAbhann Móire mar luach saothair.[3] Bhí dearcadh, diúltach, naimhdeach ag Spenser ar Éirinn agus a muintir (dearcadh a bhí bunaithe cuid mhaith ar Topographica Hibernica (1188)[4] agus Expugnatio Hibernica le Giraldus Cambrensis[5]).[6]

1500idí
 
Spenser in "Cassell's Illustrated History of England", 1865

Rugadh Spenser timpeall na bliana 1552. D'fhreastail sé ar bhunscoil i Londain, an Merchant Taylors' School ar dtús a shaoil scolaíochta agus bhain sé an scrúdú máithreánach amach i bPembroke College, Ollcoil Cambridge.

In Éirinn

cuir in eagar

Thaistil Spenser go hÉirinn, thart fán bhliain 1570, agus é i seirbhís Arthur Grey, Fear Ionaid nuacheaptha Shasana. Ó 1579 go 1580, d'fhreastail sé mar bhall d'fhórsaí Shasana, le linn an Dara Éirí Amach i nDeasmumhain.

Tar éis briseadh ar na reibiliúnaí, fuair Spenser talamh (a bhí coigistithe) i gCúige Laighean agus i gCúige Mumhan agus chuir sé an phlandáil go mór chun cinn i ndeisceart na hÉireann.

 

Scríobh Spenser A View of The Present State of Ireland sa bhliain 1596 agus léigh go leor daoine an leagan lámhscríofa de sular cuireadh i gcló den chéad uair é sa bhliain 1633.[1] Is ann a fhaightear léargas ar ar an gcuid is nimhiúla de mheon polaitíochta na Sasanach in Éirinn an uair sin agus maítear nár foilsíodh lámhscríbhinn Spenser le linn dó a bheith beo toisc na tuairimí ann a bheith chomh binibeach sin.[7]

An Ghaeilge

cuir in eagar

Bhí Spenser go mór ar son deireadh a chur leis an nGaeilge toisc gur thuig sé an ceangal idir í agus mianta lucht a labhartha agus cé mar a chuir an méid sin lena bhféiniúlacht.[8][1]

Is pearsa conspóideach é mar gheall ar an díograis a léirigh sé roimh léirscrios a imirt ar na Gaeil.

Ina theannta sin, ní mó ná sásta a bhí na filí in Éirinn ag an am, mar shampla an Céitinneach,[9] leis an léargas diúltach ar na Gaeil a thug Spenser ina chuid scríbhneoireachta.[1]

 
Shepheard's Calender

Clár scríbhinní an údair

cuir in eagar

Naisc Sheachtracha

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Maitiú Ó Coimín (2015). "Freagraí Sheathrúin Chéitinn ar scríbhneoireacht nimhneach fhrith-Ghaelach Spenser ar taispeáint" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-01-13.
  2. Seán Lysaght, (Léachtóir i Staidéar Oidhreachta) (2011). "[https://www.kennys.ie/poetry/spenser Spenser (insint véarsaíochta d’fhad leabhair, ar shaol agus ghníomhréim Edmund Spenser)]" (as en-gb) (9780956891815). 
  3. Feasta | Samhain 2013, Conradh na Gaeilge
  4. "Topographia Hibernica" (as en) (2021-05-15). Wikipedia. 
  5. "Gerald of Wales" (as en) (2021-11-17). Wikipedia. 
  6. Ruairí Ó hUiginn / dias.ie (lch 30). "Éireannaigh, Fir Éireann, Gaeil agus Gaill". Dáta rochtana: 2022.
  7. Scríobh sé, mar shampla: “Ireland is a diseased portion of the State, it must first be cured and reformed, before it could be in a position to appreciate the good sound laws and blessings of the nation”.
  8. “Soe that the speach being Irish, the hart must needes be Irishe; for out of the aboundance of the hart, the tonge speaketh.”
  9. Sheathrúin Chéitinn