7 (uimhir)
uimhir phríomha
Is é 7 (seacht) an uimhir nádúrtha tar éis 6 agus roimh 8.
Cineál | uimhir phríomha, uimhir phríomha Mersenne, uimhir aiceanta, uimhir chorr, centered hexagonal number (en) , centered octahedral number (en) , uimhir heipteagánach, hexagonal pyramidal number (en) , Woodall number (en) , double Mersenne number (en) , uimhir Cantor, uimhir Mersenne, uimhir phríomha n!±1, slánuimhir neamhdhiúltach, uimhir Niven, primorial prime (en) agus Euclid number (en) |
---|---|
Airíonna | |
Luach | 7 |
Uimhreacha eile | |
Uimhir Rómhánach | VII |
Dénártha | 1112 |
Uimhir í a cheanglaítear leis an ádh uaireanta, agus a úsáidtear chun treisiú a chur in iúl, mar shampla "Mo sheacht mallacht ort."
Seacht na Gaeilge
cuir in eagarTá cumhacht ar leith bainteach leis an uimhir seacht sa Ghaeilge, go háirithe, agus feictear é sa bhéaloideas agus sna nathanna cainte.
- Tá seacht gcúraimí an tsaoil air
- Tá seacht ngalair an tsléibhe air
- Seacht n-iontais an domhain
- Tá na seacht sraith ar an iomaire aige
- Seacht dtíolacthaí an Spioraid Naoimh
- Seacht mallacht
- Seacht mbeannacht
- Seacht seachaint
- Seacht suáilce na Maighdine Muire
- Seacht ndólás na Maighdine Muire
- Na seacht gcinnpheacaí marfacha
- Na seacht teampaill
- Teampaill na seacht n-iníon
- Na seacht síogaí
- Seoid na seacht réalt (Bram Stoker)
- Tá na seacht dteangacha aige
- Seacht gcatha na Féinne
- Na seacht mbás le pianta
- Chuir sé na seacht ndath de féin
- Tá a seacht ndóthain le rá acu
- Lá na seacht síon
- Do sheacht ndóthain le déanamh agat
- Go mba seacht bhfearr a bheidh tú bliain ó inniu
- Tá na seacht n-aithne agam air
- Le cuimhne na seacht nduine, na seacht sinsear
- Seacht máchailí an tsléibhe
- Tá mo sheacht sáith agam
- Na seacht saoithe
- Na seacht seanóirí
- Mo sheacht sinsear
- Seacht n-uaire níos fearr
- Mo sheacht ndícheall
Is síol a bhaineann leis an matamaitic é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |