Is dírbheathaisnéis le Maidhc Dainín Ó Sé atá sa leabhar A Thig Ná Tit Orm. Tugann an t-údar Maidhc Dainín cur síos cuimsitheach dúinn ar na heachtraí a chuaigh i bhfeidhm air agus a mhúnlaigh é mar dhuine.

A Thig Ná Tit Orm  
Údar Maidhc Dainín Ó Sé
Tír Éire
Teanga Gaeilge
Foilsitheoir Coiscéim (BÁC)
Cineál meáin Cló, leabhar
ISBN 9780714412122

CúlraCuir in Eagar

Rugadh Maidhc Dainín[1] i gCarrachán i nGaeltacht Chiarraí sa bhliain 1941. Sa leabhar seo, insíonn Maidhc Dainín scéal a bheatha óna óige i gCiarraí go dtí gur tháinig sé abhaile ó Mheiriceá, mar ar chaith sé tamall fada. Chuaigh sé ar imirce i ngan fhios dá mhuintir nuair nach raibh sé ach sé bliana déag d'aois, go Sasana ar dtús agus ansin Meiriceá.

Sa leabhar seo tá sé le feiceáil ag seinm i dtithe tábhairne i Chicago le ceoltóirí iontacha eile agus ag obair go dian lá arna mhárach. D'fhill sé ar Éirinn i 1969 agus thosaigh sé ag obair do Chomharchumann Chiarraí. Is leabhar fíorghreannmhar é 'A Thig Ná Tit Orm,[2]' agus léirítear go soiléir ann. Thóg sé ceann i gcónaí do chaint na ndaoine agus go háirithe do fhéith an ghrinn sa chaint sin, rud a thagann amach go láidir sa leabhar seo. Níl aon amhras ach go gcuireann an leabhar seo go mór le litríocht na Nua-Ghaeilge.

Ós rud é gur fear óg é go fóill nuair a chríochnaíonn an leabhar, tuigtear go bhfuil neart craic agus greann le fáil ann. Ní bhíonn gruaim ná aithreachais an tseanduine le fáil ann mar sin. Is scéalaí iontach é agus tuigtear go raibh sé tógtha le bua na scéalaíochta mar chúlra aige. Tá stíl shimplí bheo aige. Scríobhann Maidhc Dainín díreach mar a labhraíonn sé agus níl aon tuairisc ró chasta le fáil sna scéalta rud a chabhraíonn go mór le dul chun cinn a scéal. Uaireanta, tá an stíl fhoclach go leor agus an iomarca tuairiscí tugtha in áiteanna ach tá siad tugtha sa chomhthéacs ceart go formhór.

Saol TeaghlaighCuir in Eagar

 
Corca Duibhne

Bhí an-chion ag Maidhc[3] ar a mham. Ba mhian léi go mbeadh sé ina mhúinteoir agus dá bhrí sin, rinne sí a dícheall é a spreagadh i dtreo na leabhar. Áfach ní raibh spéis dá laghad ag Maidhc i gcúrsaí scoile agus mar sin bhí siad in adharca a chéile ó am go ham. B'í a spreag é i dtreo an cheoil. Nuair a d'inis Maidhc di go raibh suim aige sa bhosca ceoil agus gur mhaith leis bosca ceoil a cheannach, thug sí an dá phunt dó le cur síos don bhosca. Níl aon dabht faoi ach go raibh tionchar mór ag an cheol[4] ar a shaol ón lá sin ar aghaidh. Cé gur bhean láidir í, bhí taobh bog léi chomh maith. Aon uair a bhí Maidhc i dtrioblóid lena athair, bhíodh a mham ar a thaobh.

Bhí cúpla deartháir ag Maidhc Dainín, Páidí, Dónal agus Tomás ach bhí siad níos sine ná Maidhc agus chuaigh an chuid is mó dóibh ar imirce. Bhí deartháir amháin, Paidí ag obair don chomhairle contae.

Bhí caidreamh deacair ag Maidhc lena dhaid. Dúirt Maidhc sa leabhar a raibh eagla air, roimhe mar nuair a bhí sé i dtrioblóid, thug a dhaid léasadh pianmhar dó. Ach d'oibrigh a dhaid go dian dícheallach chun bia a chur ar an mbord agus chun rudaí eile a chur ar fáil dó. Bhí an obair an-deacair ag an am, mar ní raibh aon innealra ann. Bhí orthu gach rud a dhéanamh lena lámha agus obair throm a bhíodh ann. Tá cúpla scéal sa leabhar áfach a bhaineann lena dhaid agus scéalta greannmhaire iad. Bhí Maidhc ábalta an taobh greannmhar den scéal a fheiceáil i gcónaí. Cé go bhfaighimid léargas sa dírbheathaisnéis seo d'fhear cadránta, ceanndána, is léir gurbh fhear stuama, dílis é freisin. Ní raibh uaidh ach daol deas a dhéanamh dá chlann agus d'oibrigh sé go crua dá bharr.

Stíl Mhaidhc DainínCuir in Eagar

Is scéalaí den chéadscoth an t-údar mar gur fuineadh is gur fáisceadh é sa traidisiún scéalaíochta. I ngeall air sin tá ar a chumas craiceann a chur ar scéal fiú nuair a shamhlaítear don léitheoir go bhfuil na heachtraí pas beag áiféiseach. Is dírbheathaisnéis dáiríre atá ann ina nochtann an scríbhneoir imeachtaí a shaoil agus saol duine eile. Tá an-tóir ar an saghas seo litríochta i measc ghnáthdhaoine Chorca Dhuibhne mar go mbíonn súil ag na daoine le fíricí ar tharla. Is gá mar sin go mbeadh eachtraí an leabhair so-aitheanta.

Stíl shimplí bheo a úsáideann an scríbhneoir. Admhaíonn sé féin gur beag oideachas a bhí aige, ar an ábhar sin, ní gá don léitheoir an scéal a scagadh chun teacht ar thuiscint dhomhain. Scríobhann Maidhc Dainín díreach mar a labhraíonn sé agus tá go leor nathanna agus nathanna cainte aige agus, mar aon le dul cainte canúnach. Tá a stíl fhoclach go leor le tuairiscí iomaracha, mar shampla agus é ag tagairt do bhia agus do níocháin ach go háirithe. Ní haon locht é sin ar an leabhar áfach, mar go n-úsáidtear iad sa chomhthéacs ceart.

Cé gur rógaire é Maidhc[5] is fear nósmhar traidisiúnta é agus ní ghabhann sé leithscéal as sin in aon chor. Is cinnte go bhfuil Maidhc an-bhródúil as a chultúr dúchasach. Déanann sé iarracht i gcónaí ceangail a dhéanamh lena chultúr féin. Is léir gur thaitin saol an Ghaeltacht go hiontach leis agus é óg. Cuireann sé an-luach ar shaol agus ar mheon thraidisiúnta a cheantair féin.

 
Cairdín Titano, 1960–1980

CeolCuir in Eagar

Bhí dúil ag Maidhc sa bhosca ceoil. Bhíodh clár ceoil le cloisteáil ar an raidió gach seachtain, urraithe ag "Cox of Kilcock". Théadh Maidhc ag éisteacht le ceoltóir cumasach, Séan Ó Domhnaill. Oíche amháin thosaigh Maidhc, Páidí agus a mháthair ag caint faoi bhoscaí ceoil, agus an costas.£2 le cur síos agus 12 scilling in aghaidh na seachtaine. Dúirt an mháthair go dtabharfadh sí an £2 dóibh.

Tháinig an bosca ceoil sa phost, ach ní raibh Maidhc ábalta an uirlis a sheinm ar dtús. D'fhoghlaim sé é sa teach lóistín i Chicago. Bhíodh Maidhc agus Páidí ag cleachtadh ceoil tar éis na scoile. Mhúin an ceoltóir Seán Coughlan daoibh. Tháinig feabhas iontach ar Mhaidhc de réir a chéile. Ba léir go raibh bua an cheoil aige féin.

Óige MhaidhcCuir in Eagar

Ag tús an leabhair díríonn Maidhc Dainín ar laethanta a óige sa Ghaeltacht[6]. Tuigtear dúinn go raibh óige shona, taitneamhach[7] ag Maidhc nuair a bhí sé ag fás aníos i gCorca Dhuibhne.[8]

Cuirtear síos ar a chéad lá ar scoil. Bhí mearbhall air agus é á thógaint ar scoil. Níor thuig sé go raibh sé le freastal ar scoil mar gur chreid sé go raibh sé ag dul ag siopadóireacht lena mháthair. Bhíodh na buachaillí ag troid gach lá ar scoil agus tugtar cuntas dúinn ar throid a bhí aige le buachaill eile. Tugadh trí stiall den fhuinseoig don bheirt acu. Ba ghnách leis na buachaillí a bheith ag imirt peile le liathróid bheag rubair agus a gcótaí ar an talamh chun na cúil a léiriú. Ní bhíodh réiteoir ar bith acu ach gach uile dhuine acu ina scaifte mór ar thóir na liathróide le chéile.

Tugtar pictiúr breá dúinn sa leabhar. Tuigtear go raibh féith an ghrinn ann féin cé go mbíonn cuma chrosta air anois is arís. Is dócha go raibh taithí an tsaoil aige i ndiaidh dó tréimhse a chaitheamh i Chicago.

Ba mhinic na buachaillí óga ag iascach bradán cé go raibh sé i gcoinne an dlí. D'fhoghlaim siad an cheird seo agus iad óg. Bhíodh súil ghéar ag teastáil chun bradán a fheiceáil ar ghrinneall na habhann, taithí mhaith ag teastáil chun breac geal a fháil san oíche agus le cleachtadh, bhíodh na buachaillí ábalta breith ar na héisc le píce. Deirtear linn go bhfaca Maidhc a athair féin ag breith ar bhradán lena láimh.

Lá amháin chonaic Maidhc bradán san abhainn agus d'inis sé sin dá athair. Bí orthu dul agus píce a fháil. D'éirigh le Dainín an píce a shá tríd agus an bradán breá mór a tharraingt as an abhainn. Bhris an píce ina dhá leath agus nuair a d'éalaigh an bradán leis, thit Dainín isteach san abhainn. Cé go raibh rabharta feirge ar a athair, phléasc Maidhc amach ag gáire faoi. Tháinig siad ar an mbradán céanna i ndiaidh tamaill.

 
An Ghaeltacht

Ba ghnách leis féin agus a dheartháir Páidí a bheith ag éisteacht le cláir cheoil ar an raidió. Réitigh siad bosca ceoil a cheannach tríd an bpost. An lá a fuair sé an bosca ó oifig an phoist, bhailigh an teaghlach iomlán thart air ag breathnú air ag iarraidh ceoil a bhaint as. Theip air ceol ceart a bhaint as. Nuair a tháinig a athair ar ais ón bportach, cheap sé go mbeadh cúis mhagaidh aige. Chuir an t-athair iontas orthu ar fad nuair a tháinig na nótaí chuige agus é breá ábalta cúpla port a bhualadh dóibh.

Tugtar cur síos ar na buachaillí ag caitheamh toitíní. Bhí sé féin dhá bhliain déag d'aois nuair a bhlais sé a chéad toitín. Théadh sé féin agus a chara Eddie Hutch go doras halla an pharóiste ag lorg buiteanna ar an talamh. Bhíodh cleasa beaga ag na buachaillí chun praghas na 'Woodbines' a fháil. Uaireanta, ghearr siad píosa d'eireaball nó de mhoing chapaill agus dhíol siad leis na tincéirí é. Seift eile a bhíodh acu ná uibheacha a ghoid is a dhíol.

Lá amháin, ghoid Maidhc dosaen uibheacha ó nead chirce a bhí ag a mhuintir féin. Dhíol sé iad le bainisteoir na huachtarlainne. Tháinig an bainisteoir ar cuairt chuig a theach sa chúpla lá ina dhiaidh sin ag gearán faoi na huibheacha. Bhí sicíní in ocht gcinn de na huibheacha agus uibheacha lofa a bhí sna cinn eile. Thug athair cúpla buille sa chluas do Mhaidhc. Bhí cuma air go raibh sé ar tí scúise iontach a fháil óna athair ach shleamhnaigh sé amach as a chasóg agus d'éalaigh sé i dtreo na habhann. Dar ndóigh, níor inis sé dá athair gur cheannaigh sé toitíní leis an airgead ach seacláid agus milseáin.

Nuair a bhí na buachaillí ag freastal ar an gceardscoil sa Daingean, théadh siad go siopa an ghréasaí chun toitíní a chaitheamh. Bhain siad an-sult as a bheith ag breathnú ar an ngréasaí i mbun oibre. Déantar cur síos suimiúil ar an gceird, rud nach bhfuil le feiceáil chomh minic sa lá inniu.

Bhíodh rásaí naomhóg ag na gasúir i scoil an Daingin freisin. D'éirigh leo naomhóg dá gcuid féin a dhéanamh le linn an ranga adhmadóireachta. Gan amhras, bhí taithí ar fheabhas acu ar chúrsaí farraige freisin.

Is léir go raibh craic iontach ag buachaillí na háite agus na coláistí samhraidh ar siúl. Bíodh siad ag iomaníocht le chéile agus iad sa tóir ar na cailíní agus ag cur dallamullóg ar na múinteoirí ag tithe na gcailíní go mall san oíche.

Is cinnte go dtugtar pictiúr an-taitneamhach dúinn de shaol buachalla óig ag éirí aníos sa Ghaeltacht sna daichidí agus na caogaidí. Tugtar léargas suimiúil dúinn ar cheirdeanna agus nithe eile. Níor éirigh le Maidhc post a fháil tar éis an Ghrúptheastas a dhéanamh agus toisc é a bheith ró-óg chun bheith ar an dól shocraigh sé dul go Sasana.[9]

B'in é an SamhradhCuir in Eagar

Samhradh na bliana 1958[10]. Bhí Maidhc cúig bliana déag d'aois ag an am. Sa chaibidil seo, tugann sé pictiúr taitneamhach dúinn i nGaeltacht Chiarraí[11] i 1958. Cuireann sé os ár gcomhair pobal a mhair roimh theacht na teilifíse agus áiseanna eile nua-aimseartha ach a bhain sult as cuideachta a chéile, as an gceol agus an gcraic. Is cinnte gur turas maoithneach siar a bheadh sa chaibidil seo d'aon duine a bhí óg i rith an ama sin, mar tugtar dearcadh dúinn ar shaol gan fuadar atá imithe go deo.

Sa chaibidil seo, léiríonn Maidhc Dainín[12] an fonn nádúrtha a bhíonn ar bhuachaill a bheith fásta suas ina fhear. Bhí a rásúr aige agus bhí sé a bhearradh féin agus bhí sé an-bhródúil as. Bhí a athair ag magadh faoi, ag rá go raibh sé chomh lag sin gur rith sin roimh an rásúr. Bhí Maidhc ag obair anseo is ansiúd ag an am le feirmeoirí.

 
An Daingean

Bheadh céilí beag ar siúl dóibh istoíche go dtí a 10 agus céilí mór gach Luan, Céadaoin agus Aoine go dtí meán oíche. Ar an gcéad lá den chúrsa bhí Maidhc ag obair le feirmeoir ag baint an fhéir, gan innill ag an am. Tháinig an tráthnóna agus bhí deifir an Mhaidhc mar bhí sé ag dul ag seinm ag an gcéilí. Nuair a bhí a ghearán déanta aige, lig sé dó imeacht. Thóg sé rothar a Mhaim chun an bosca ceoil a chur sa chiseán. Chlúdaigh sé é le paca garbh ionas nach mbeadh na buachaillí eile ag magadh faoi. Sheinn Maidhc[13] 'Fallaí Luimnigh' agus bhí Radharc iontach aige ar na cailíní breátha ón stáitse. Bhí an ceol ag imeacht ar strae aige agus é ag féachaint ar an gcailín álainn seo nuair a labhair an múinteoir, mhol sé dó aire a thabhairt dá ghnó. D'iarr sé dáta ar Eibhlín agus ghlac sí leis. shiúladar abhaile. Bhí an bóthar lán le cúplaí ag cúirtéireacht. Chuaigh Maidhc abhaile go sona sásta an oíche sin.

An tráthnóna dár gcionn, chuaigh Maidhc[14] ag dul amach arís. Bhí a chara Seán mór ag doras an halla. Shiúladar go cúl an halla agus d'iarr Seán ar Mhaidhc a charbhat a cheangail dó. Ní chaithfeadh sé é ar a bhealach go dtí an halla ar eagla go mbeadh na buachaillí ag gáire is ag magadh faoi. Bhí Maidhc saor ón gceol an oíche sin mar chéilí mór a bhí ar siúl. Bhí Maidhc agus Eibhlín ag damhsa. Bhí Maidhc agus Eibhlín mí le chéile ag an am sin. An oíche dheireanach bhí brón ar Mhaidhc agus bhí Eibhlín uaigneach. Thug siad seoladh dá chéile agus gheall siad go scríobhfadh siad.

Ansin smaoinigh Maidhc ar phlean. Tar éis an rolla a bheith glaoite bhí Maidhc chun dréimire a fháil agus dul suas go fuinneog seomra Eibhlín. Chabhródh sé léi teacht anuas. Bhuail sé an ghloine le cloch agus osclaíodh é. Thosaigh Eibhlín ag teacht anuas. Bhí a cos amach an fhuinneog. Le sin tháinig buachaillí ar a rothair agus scread siad. Tháinig bean an tí amach, léim Eibhlín isteach an fhuinneog arís. Bhí Maidhc leath slí suas an dréimire nuair a tháinig bean an tí le scuab. Léim sé ach bhuail sí é idir an dá shlinneán.

D'oibrigh na daoine seo go crua agus is dócha gur mhinic a chuir an saol ina gcoinne, ach ba cheart go mbeadh sé ina chúis mhórtais acu gur bhain siad sult as an saol céanna. Dúirt Maidhc dá mbeadh Elizabeth Taylor í féin ag fanacht leis sa tigh sin nach rachadh sé ar ais.

TagairtíCuir in Eagar

  1. "Maidhc Dainín Ó Sé" (in en) (2018-08-29). Wikipedia. 
  2. "Achoimre" (en). Gaeilge don Mheánscoil (2013-10-02). Dáta rochtana: 2019-02-21.
  3. "A Thig Ná Tit orm- Maidhc Dainin Ó Sé- Cabhair don Ardteist" (en-IE). Gaeilge Le Glam. Dáta rochtana: 2019-02-21.
  4. Daragh Brophy. "Death of Kerry musician and author of 'A Thig Ná Tit Orm', Maidhc Dainín Ó Sé" (en). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2019-02-21.
  5. Maidhc Dainín O' Sé (1987). "A Thig Ná Tit Orm" (Coiscéim). 
  6. Diarmaid Ó' Tuama (2008). "A Thig Ná Tit Orm Achoimre agus Notaí". CJ Fallon. 
  7. Mícheál Ó Ruairc (2012). "Gaelscéal".
  8. "Dingle" (in en) (2019-02-01). Wikipedia. 
  9. Mícheál Ó Ruairc (2012). "Gaelscéal".
  10. Gabriel Fitzmaurice (1987). "House Don't fall on me". Mercier Press. 
  11. "Gaeltacht" (in en) (2019-02-15). Wikipedia. 
  12. "Leaving cert & Junior cert Exam Revision | Studyclix makes exams easier" (en). Studyclix. Dáta rochtana: 2019-02-21.
  13. Peadar Ó Ceallaigh (2007). "A thig ná tit orm : staidéar ar an dírbheathaisnéis don Ardteistiméireacht (Ardleibhéal)". Gill & Macmillan. 
  14. "Dingle Peninsula" (in en) (2019-01-16). Wikipedia.