Cathair sa Danmhairg is ea Aarhus (Århus ón mbliain 1948 go 2010). Tá an chathair suite in oirthear na hIútlainne, leithinis mhór idir an Mhuir Bhailt agus an Mhuir Thuaidh. Bhí breis is 242,000 duine ina gcónaí ann sa bhliain 2010 agus is í Aarhus an chathair is mó sa tír sin ach amháin an phríomhchathair, Cóbanhávan.

Aarhus - lár na cathrach agus calafort

Tá calafort mór ann, agus an dara hollscoil is mó sa tír. Bunaíodh Ollscoil Aarhus sa bhliain 1928 agus tá breis is 34,000 mac léinn ag freastal uirthi anois.

Tá teach tábhairne Éireannach, darb ainm Tír na nÓg, i lár na cathrach.

ÍomhánnaCuir in Eagar

Nasc-BhailteCuir in Eagar

Tá Aarhus nascaithe le cathracha éagsúla mar seo a leanas:

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar