Baile i Ceredigion, an Bhreatain Bheag, is ea Aberaeron. Trá-bhaile a tharraingíonn a lán turasóirí atá ann. Suíomh rialtais Cheredigion é freisin. Tá daonra 1,390 in agus tá 832 (59.9%) in ann Breatnais a labhairt.

Infotaula de geografia políticaAberaeron
Aberaeron Houses.jpg
Edit the value on Wikidata

Suíomh
 52°14′33″N 4°15′34″W / 52.24245°N 4.25939°W / 52.24245; -4.25939
Ríocht comhlathaisAn Ríocht Aontaithe
Nation within the UKAn Bhreatain Bheag
Principal area of WalesCeredigion Edit the value on Wikidata
Príomhchathair de
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist SA46 Edit the value on Wikidata
Glaochód 1545 Edit the value on Wikidata
Eile

Láithreán gréasáin aberaeron.info Edit the value on Wikidata

Sanasaíocht an ainmCuir in Eagar

"Béal an Aeron" an chiall atá le "Aberaeron" i mBreatnais. Abhainn sa Bhreatain Bheag í an Aeron. Ciallaíonn "aer" ár (is é sin, sléacht) agus as sin Aeron, ainm na sean-Bhreatnach ar a ndia cogaíochta.

TíreolaisCuir in Eagar

Tá Aberaeron suite san áit a dtagann an bóthar A487 (Aberystwyth-Cardigan) agus an A482 (Aberaeron-Lampeter) le chéile, 112.7 km ó Caerdydd agus 295 ó Londain. Tá an baile suite ag béal Abhann Aeron ar chósta thiar na Breataine Bige.

StairCuir in Eagar

Alban Thomas Jones, ministéir, a leag amach an baile agus a rinne é a thógáil sa bhliain 1805 ag bun an Aeron, a mhéadaíodh chun port a chur isteach ann. Tógadh droichead coisithe trasna na abhann san áit sin. Sa 19ú haois forbraíodh roinnt ceirdeanna in Aberaeron. De réir an Trade Directorie, foilsithe sa bhliain 1830, bhí ceardaí olla, gréasaí, muilleoir, báicéir, gabha, dhá shaor bád, siúinéir agus haitéir ag cleachtadh a gceird ar an mbaile.

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar