Abhacréalta

réalta sách beag agus sách doiléir

Séard atá in abhacréaltaréalta ar aon mhais leis an nGrian, nó níos lú ná sin. Dá dtarraingeofá graf de theocht dhromchlach réaltaí éagsúla i gcoinne dhearbhmhéid na réaltaí sin, formhór na réaltaí, is i réimse cúng go maith a bheidís, idir fionnuartas doiléir agus teocht gheal. Is é an príomhsheicheamh a thugtar ar an réimse seo, agus tharla gur réalta measartha mór an Ghrian seo againne, is i lár an réimse sin a bheadh sí.

Léaráid ó NASA ag taispeáint pláinéad ag gluaiseacht ar fithis timpeall abhacréalta

Tá réaltaí ann nach bhfuil sa phríomhsheicheamh. Is réaltaí ollmhóra fuara iad na fathachréaltaí dearga nó 'na fathaigh dhearga', mar a thugtar orthu. Ídíonn siad seo a gcuid breosla go tapa agus ní fada a mhaireann siad. Taobh amuigh den phríomhsheicheamh tá réaltaí níos lú ná sin, 'na habhacréaltaí bána' mar a thugtar orthu, réaltaí nach n-ídíonn a gcuid breosla ach go mall. Is fada a mhaireann siad. Na habhacréaltaí bána is lú mais, is lú ceann ar bith díobh ó thaobh maise de ná 1% de mhais na Gréine. Dá mba lú ná sin ó thaobh maise iad, an teocht sa chroíleacán acu, ní bheadh sí ard go leor chun comhleá a chur ar siúl, agus is rud a bheadh ann: abhac donnpláinéad.