Abrogans
Is é an tAbrogans an chéad fhoclóir Gearmáinise atá ann, agus é ar an leabhar Gearmáinise is sine dá bhfuil fágtha, freisin. Creidtear gurb é Arbeo von Freising, a cailleadh sa bhliain 783 nó 784, a scríobh an foclóir seo. Thángthas ar chóip lámhscríofa den leabhar seo i Sankt Gallen san Eilvéis, áit a raibh mainistir fadó. Tá an foclóir ainmnithe as an chéad iontráil atá ann, an focal Laidine úd abrogans. Is é an leagan Gearmáinise a thugann an foclóir ar an bhfocal seo ná dheomodi - demütig i nGearmáinis an lae inniu, nó "umhal".
Dealraíonn sé gur foclóir comhchéille a bhí ann ar dtús, nach raibh ach ag míniú focal Laidine le focail Laidine eile, agus nár cuireadh na míniúcháin Ghearmáinise leis na focail Laidine ach in athleaganacha den fhoclóir. Cibé faoi sin, tá sé ar na foinsí is tábhachtaí amuigh ag an scoláire atá ag déanamh staidéir ar an gcineál Gearmáinise a labhraítí i ndeisceart na Gearmáine fadó.
TagairtíCuir in Eagar
Naisc sheachtrachaCuir in Eagar
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |