Achtanaimíocóis
Is éard is Achtanimíocóis ann, ná galar tógálach baictéarach annamh, arb é an baictéar Actinomyces sp. is cúis léi, mar shampla Actinomyces israelii nó A. gerencseriae. Tagraíonn an t-ainm don chuma ghathach atá ar na horgánaigh sna gráinníní. Is féidir freisin gurb é an baictéar Propionibacterium propionicus a bheadh i gceist. Is dócha gur ionfhabhtú polaimiocróbach anaeróbach agus aeróbach araon a thagann ar an othar a dtagann sé orthu.
Cineál | commensal bacterial infectious disease (en) , galar riospráide, galar tógálach baictéarach, míceiteóma, skin and integumentary tissue symptom (en) agus galar |
---|---|
Speisialtacht leighis | galair thógálacha |
Cóireáil chliniciúil | |
Comharthaí | granulomatous inflammation (en) , idiopathic chronic fatigue (en) , easpa agus fistula (en) |
Scrúduithe | scrúdú fisiciúil agus micreascóp solais |
Cógais | |
Pataigineas | |
Suíomh | córas riospráide, giall, muineál, stéig, matán agus craiceann |
Cúis | Actinomyces israelii agus Actinomycetales |
Aicmiú | |
ICD-11 | 1C10 |
ICD-10 | A42, A42.9, A42.1, A42.8, A42.0, A42.2 agus A42.7 |
ICD-9 | 039 agus 039.9 |
Acmhainní seachtracha | |
Enciclopèdia Catalana | 0074674 |
DiseasesDB | 145 |
MedlinePlus | 000599 |
eMedicine | 211587 |
Patient UK | actinomycosis-pro |
MeSH | D000196 |
Orphanet | 457095 |
UMLS CUI | C0001261 |
DOID | DOID:8478 |
Ainmhithe
cuir in eagarIs annamh a tharlaíonn an Achtanimíocóis i ndaoine, ach is minic a tharlaíonn sí in eallaigh, mar ghalar ar a dtugtar 'an giall cnapach' ( nó 'lumpy jaw' sa Bhéarla). Tagraíonn an t-ainm do na heaspaí móra a fhásann ar cheann agus mhuineál an ainmhí ionfhabhtaithe. Is féidir léi dul i gcionn freisin ar mhuca, chapaill, agus mhadraí, ach ní chomh minic ar ainmhithe agus caoirigh allta.
Comharthaí agus airíonna
cuir in eagarIs é is príomhthréith an ghalair ná foirmiú easpaí pianmhara sa bhéal, sna scamhóga, nó sa chonair ghastraistéigeac. Fásann easpaí Actinomycosisí níos mó mar a théann an galar i bhfeidhm, go minic thar na míonna. I gcásanna trom díobhálacha, is féidir leo briseadh trí chnámh agus mhatán máguaird chraicinn, áit ina noscailbhriseann siad agus ina sceiteann siad a lán bracha. Bíonn "gráinníní sulfair," sa sceitheadh angaíoch a thagann ó na srónchuasa, i ndáiríre ní 'sulfar' atá istigh ann, ach tá siad cosúil le cáithníní den sórt sin. Bíonn sliocht báicéara sna gráinníní seo. Uaireanta, bíonn sé deacair teacht ar an diagnóis ceart. Chomh maith le hiniúchaí micribhitheolaíocha, is féidir é go mbeadh íomháú athshondais mhaighnéadaigh agus anailísí fola imdhíoneolaíocha ina chuidiú freisin.
Tagairtí
cuir in eagarIs síol faoin galar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |