Carthanas oideachasúil i bPoblacht na hÉireann is ea Educate Together, (Gaeilge:Ag Foghlaim Le Chéile),[1] a bhfuil roinnt scoileanna il-sainchreidmheacha comhoideachais faoina choimirce. Bunaíodh é sa bhliain 1978 le bheith mar phatrún ar na scoileanna nua a osclaíodh i ndiaidh an rath a tháinig ar Thionscnamh Scoil Dhún Dealgain. Faoi láthair tá 84 scoil náisiúnta faoina choimirce sa phoblacht, agus 13 meánscoileanna.

Stair cuir in eagar

Sula raibh oideachas il-sainchreidmheach i bPoblacht na hÉireann, thosaigh roinnt daoine ag ardú ceisteanna faoin gcóras sainchreidmheach a bhí i réim. Oideachasóirí agus tuismitheoirí ab iad, a dhalta Áine Highland, Michael Johnston agus Florrie Armstrong. Chuir siad Educate Together ar bun, agus é mar chuspóir acu “[t]o develop and support in Ireland the establishment of schools which are multi-denominational (i.e. with equal right of access for the children of Catholic, Protestant and other parents, and with the cultural and social background of each child held in equal respect), co-educational and managed under a system which is predominantly democratic in character, wherever and whenever there is viable local support for such a school.” Nuair a thosaigh an grúpa pleananna chun scoil il-sainchreidmheach a chur ar bun i nDún Dealgan sa bhliain 1975, d'éirigh dream Caitliceach coimeádach ina gcoinne. Chuir siad seo bileog amach a cur ina luí gur rud "aindiagaí" a bhí i gceist, go raibh sé "naimhdeach do chreideamh", agus "go leagfadh sé síos fasach do thrioblóid mhór eile". Faoi dheireadh osclaíodh an scoil in am don bhliain scoile 1978-79.

In ainneoin na scoileanna eile a tháinig ina dhiaidh sin, is scoileanna il-sainchreidmheacha iad faoi bhun 2% de na scoileanna sa phoblacht. Tá comhthionóil nó boird stiúrthóirí reiligiúnda i gceannas ar na scoileanna eile ar fad i gcónaí.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Leagan Gaeilge an ainm de réir Focal.ie, 2-Samhain-14