Agallamh le Banphrionsa na Breataine Bige (1995)


Rinne iriseoir de chuid an BBC, Martin Bashir, agallamh le Banphrionsa na Breataine Bige, Diana, ar 20 Samhain 1995. Agallamh ionraic, conspóideach ba ea é, a dhein Bashir le Diana do chlár Panorama an BBC.[1]

Bosca Sonraí ScannáinAgallamh le Banphrionsa na Breataine Bige
An Interview with H.R.H. the Princess of Wales Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Buneolas
Príomhcharachtair
Mionsonraí
Tír bhunaidhan Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Céadléiriú20 Samhain 1995 Cuir in eagar ar Wikidata
BunteangaBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
Cur síos
Seánrascannán faisnéiseach Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: tt0669167 Cuir in eagar ar Wikidata

Sraith: Panorama Cuir in eagar ar Wikidata

Sa bhliain 2021, bhí beithscéal gafa ag Bashir, faoin agallamh. Tharraing an scannal náire ar an BBC.

Martin Bashir sa bhliain 1995

Feall cuir in eagar

Sa bhliain 2021, chinn tuarascáil a foilsíodh, tuarascáil a tháinig ó Bhreitheamh sinsearach atá éirithe as, an Breitheamh John Dyson gur choimisiúnaigh Martin Bashir ráitis bhainc a bhí bréagach a líomhnaigh go bréagach go raibh airgead á thabhairt do roinnt cuiditheoirí de chuid Diana chun súil a choimeád uirthi.[2]

Thaispeáin Bashir a bhí 58 ag an am na ráitis go dtí deartháir Diana, Charles Spencer, in iarracht cur ina luí air cruinniú a shocrú idir Bashir agus Diana agus chun muinín a chothú idir é agus Diana.

Clár Channel 4 cuir in eagar

Sa bhliain 2017, chraol Channel 4 Diana: In Her Own Words.[3] Rinneadh "iarracht dea-dhealramh a chur ar dhrochghnó."[4]

Leithscéal tláithíneach cuir in eagar

I mí na Bealtaine 20201, bhí a leithscéal gafa ag Martin Bashir, faoin agallamh. Dúirt Martin Bashir le Nuachtán an Sunday Times go raibh an-aiféala air. Dúirt sé nach raibh sé ag iarraidh Diana a ghortú in aon slí agus dúirt sé gur chreid sé nár ghortaigh sé í.[2]

Ghabh an t-iriseoir leithscéal leis an Prionsa William agus an Prionsa Harry. Ach ní raibh cuma na fírinne ar an leithscéal. Ag an am céanna, dúirt Bashir go raibh na líomhaintí a bhí déanta ag ceangal an mhéid a rinne sé le bás Diana míréasúnta.

Dúirt Prionsa William áfach go raibh tionchar mór ag an méid a rinne Bashir ar an meath a tháinig ar an gcaidreamh a bhí ag a thuismitheoirí agus dúirt sé gur chuir an méid a tharla go mór le himní, paranóia agus aonrú Diana sna blianta deireanacha a bhí aici ar an saol.[2]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Breandán Delap. "Ar an taifead – fís, fuaim, focal" (ga-IE). Cois Life 978-1-907494-26-0. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-06-18. Dáta rochtana: 2021-05-31.
  2. 2.0 2.1 2.2 Nuacht RTÉ (2021-05-23). "Leithscéal gafa ag iriseoir de chuid BBC faoi agallamh le Diana" (as ga). 
  3. "Diana: In Her Own Words" (as en) (2021-03-09). Wikipedia. 
  4. "Diana: In her Own Words – Níl maith sa seanchas nuair a bhíos an anachain déanta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-05-31.