Aglaé (amhránaí)

aisteoir agus amhránaí Ceanadach

Amhránaí aguis aisteoir ba ea Aglaé (a rugadh mar Jocelyne Deslongchamps). Rugadh í in L'Épiphanie, (Québec), ar an 13 Bealtaine 1933 agus fuair sí bás in Montréal ar an 19 Aibreán 1984.

Infotaula de personaAglaé
Beathaisnéis
Breith(fr) Jocelyne Deslongchamps
13 Bealtaine 1933
L'Épiphanie, Quebec Cuir in eagar ar Wikidata
Bás19 Aibreán 1984
50 bliana d'aois
Montréal, Quebec Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Ainm cleiteAglaé Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí, ban-aisteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1949 –  1984
UirlisCeol gutha

IMDB: nm0013080 Discogs: 2833543 Find a Grave: 24278604 Cuir in eagar ar Wikidata

Beatha cuir in eagar

Tháinig Aglaé os comhair an phobail i gceabairéanna Montréal, go háirithe sa cheabairé Au Faisan Doré. Chuir Pierre Roche, pianódóir a thionlacadh Charles Aznavour, suim inti agus phós sí é in 1950. Chónaigh siad i bPáras idir 1952 agus 1964, áit is mó ar tháinig gnaoi na ndaoine uirthi. Thaifead sí “Aglaé,” amhrán le Lionel Daunais, in éineacht le Michel Legrand, agus tháinig an oiread sin éilimh air gurbh é sin ab ainm ealaíne di feasta.

Chan sí in amharclanna i bPáras agus ina dhiaidh sin san Eilvéis, sa Bheilg, i Lucsamburg, san Ísiltír, san Ailgéir, i Maracó agus sa Túinéis. Sa séasúr 1955-56 rinne sí páirteanna i mion-cheoldrámaí, agus bhí sí le cloisteáil sna scannáin Les Nuits de Montmartre agus À la manière de Sherlock Holmes.

D’fhill sí ar Québec in 1963, agus an bhliain dár gcionn chuir sí féin agus Roger Baulu an clár Rouli-roulant (Radio-Canada) i láthair. Bhí éileamh fós ar a cuid ceirníní ach níor tháinig sí os comhair an phobail ó 1966 amach.

Tá sí feiceáil sa scannán Y'a toujours moyen de moyenner! (1973).

Fuair sí bás in Montréal ar an 19 Aibreán 1984 in aois a caoga bliain.

Amharclannaíocht cuir in eagar

  • 1962: Les hommes préfèrent les blondes ó leabhar le Anita Loos, léirithe ag Christian-Gérard sa Théâtre des Arts.

Le cloisteáil cuir in eagar

Aglaé et Ovila Légaré - "La Bastringue" (1975): [1]

Aglaë – “On se quitte”: [2]

Foinsí cuir in eagar