File Astrálach, úrscéalaí (gan foilsiú) agus dialannaí ba ea Aileen Palmer (6 Aibreán 1915 – 21 Nollaig 1988). Bhí sí ina hateangaire i rith Cogadh Cathartha na Spáinne ar thaobh na Poblachta agus ina ball d’fhoireann otharchairr i Londain i rith an Bhliotsa. Chaith sí sealanna in institiúidí síciatracha agus déanann sí cíoradh ina dialanna ar a collaíocht féin agus ar ghalar intinne. D’fhoilsigh sí filíocht agus d’fhág sí a lán úrscéalta gan foilsiú ina diaidh, in éineacht le díolaim dhírbheathaisnéiseach.

Infotaula de personaAileen Palmer
Beathaisnéis
Breith(en) Aileen Yvonne Palmer
6 Aibreán 1915
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás21 Nollaig 1988
73 bliana d'aois
Ballarat Thoir, Victoria Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Melbourne Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Gairmgníomhaí síochána, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1931 –
TeangachaBéarla, an Fhraincis, an Ghearmáinis agus an Rúisis
Teaghlach
AthairVance Palmer  agus Nettie Palmer
SiblínHelen Palmer
Duine muintearthaIna Higgins () Cuir in eagar ar Wikidata

Beatha cuir in eagar

Rugadh Aileen i Lodain in 1915 do Nettie agus Vance Palmer, beirt ón Astráil a raibh tábhacht liteartha leo. I gceann sé mhí d’fhill an teaghlach ar an Astráil agus in 1917 rugadh cailín eile, Helen. Chuaigh Aileen ar scoil sa Choláiste Preispitéireach do Bhanuaisle in Melbourne. Rinne sí staidéar ar Ghearmáinis, Spáinnis agus Rúisis, agus bhain amach céim céad onóracha i bhFraincis in Ollscoil Melbourne. Chuaigh sí i Páirtí Cumannach na hAstráile in 1934, agus chuaigh go Londain lena tuismitheoirí. Chuaigh sí go Vín agus ansin go dtí an Spáinn, áit a raibh sí ag obair ansin mar ateangaire do lucht leighis ó 1936 go dtí 1938 agus í gar don troid.[1][2] Scríobh sí úrscéal faoin tréimhse a chaith sí sa Spáinn, Last Mile to Huesca, cé nár foilsíodh é.[3] I ndiaidh an chogaidh bhí sí ag obair sna campaí teifeach sa Fhrainc[4] agus ansin chuaigh ag obair mar thiománaí otharchairr i Londain i rith an Bhliotsa.[5][6]

D’fhill Aileen ar Melbourne in 1945 toisc a máthair a bheith buailte ag taom croí. Bhí uirthi slán a fhágáil ag bean a raibh sí i ngrá léi.[7] Lean sí uirthi ag scríobh agus í ag cothú a saothair le hól agus le beinsidrín. D’fhoilsigh sí ailt in irisí éagsúla, Meanjin, Overland agus The Realist.[8] ach bhuail cliseadh meabhrach í in 1948. Tugadh cóireáil inslin-ghlúcós di ar feadh trí mhí agus teiripe leictri-thritheamhach ina dhiaidh sin. Chuir sí síos ar an gcóireáil agus ar a máthair agus a deirfiúr, ós iad siúd a chuir isteach san ospidéal í, i lámhscríbhinn gan foilsiú, 20th Century Pilgrim.[9]

In 1957 d’fhoilsigh cnusasach dánta dar teideal Dear Life[8] agus chuaigh mar ghníomhaí síochána chun na Síne agus na Seapáine.[5] In 1958, tar éis seal mire, cuireadh isteach i dteach gealt in éadan a tola í. In 1959 d’fhoilsigh sí d’aistriúcháin de scríbhinní an easaontóra Vítneamaigh Tố Hữu ó Fhraincis agus d’fhoilsigh sí (ó Fhraincis arís) Dialanna Príosúin Ho Chi Minh in 1962.[5] In 1964 d’fhoilsigh sí World Without Strangers?, cnuasach dánta.[8]

Gnéasúlacht agus galar meabhrach cuir in eagar

Deir scoláirí áirithe gur leispiach Palmer nó gur dhéghnéasach í.[10][11] Ní léir ach oiread cén cineál galair a bhí uirthi. Ina saothar féin cuireann sí síos ar airíonna atá cosúil leo siúd a bhaineann le strus iarthrámach agus í síorbhuartha ag a bhfaca sí de mharú sa Spáinn agus de bhuamáil i Londain.[12]

Fuair sí bás in 1988 in Ballarat in ospidéal síciatrach.[5][11] Bronnadh a cuid páipéar agus lámhscríbhinní ar Leabharlann Náisiúnta na hAstráile.[13]

Nótaí cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

Luanna cuir in eagar

  1. Keene 1987, pp. 82–83.
  2. Keene 1987, p. 84.
  3. Jordan 2008, p. 307.
  4. Campamà Pizarro 2014, p. 4.
  5. 5.0 5.1 5.2 5.3 Martin 2012.
  6. Newman 2002, p. 508.
  7. Martin 2009, p. 95.
  8. 8.0 8.1 8.2 Martin 2009, p. 96.
  9. Martin 2009, pp. 100–101.
  10. Newman 2009, pp. 150–151.
  11. 11.0 11.1 Hobby 2016.
  12. Newman 2009, p. 157.
  13. Newman 2002, p. 505.

Liosta leabhar cuir in eagar

Le léamh cuir in eagar