Aimsir na bliana 2022
Bhí aimsir na bliana 2022 is teo dár taifeadadh ariamh in Éirinn agus sa Bhreatain.[1] Sáróidh an meánteocht bhliantúil i mbliana an meánteocht a b'airde ariamh a baineadh amach i 2014. Cé go gcuimhníonn go leor daoine ar an teas mór a bhí ann an samhradh seo, gurb "é an rud is suntasaí in 2022 ná an teas seasta a bhí ann ar feadh na bliana uilig nuair a bhí gach mí seachas Nollaig níos teo ná mar a bheithfí ag súil."[1]
Tonnta teasa san Eoraip
cuir in eagarBhuail roinnt mhaith tonnta teasa Éire agus an Bhreatain ó thosach an Mheithimh i mbliana 2022, rud a d'fhág an ceathrú samhradh ab teo a taifeadadh ariamh ann. Sháraigh an mearcair pointe na 40 céim den chéad uair nuair a taifeadadh teocht de 40.3C i Coningsby i Lincolnshire ar an 19 Iúil 2022.
D'eisigh an Oifig Mheitéareolaíochta sa Bhreatain a gcéad rabhadh an-teasa dearg ariamh an mhí chéanna.
- Mí-Iúil 2022 ː Tonn teasa in Éirinn agus sa Bhreatain
- Iúil ː Tonn teasa san Eoraip
Tubaistí
cuir in eagarBhuail tuilte an Phacastáin idir 14 Meitheamh - Deireadh Fómhair 2022, de thoradh titim throm báistí. Séasúr an mhonsúin a bhí ann, ach bhí an fhearthainn ar scála nach bhfacthas riamh cheana. Bhí aon trian den tír báite.
Cor san aimsir
cuir in eagarBhuail stoirm fhiánta Meiriceá Thuaidh i rith mhí na Nollag 2022. Réab an stoirm os cionn 3,200 ciliméadar, idir Texas agus Quebec. 'Buama cioclóin'[2] a bhí an chúis, agus ní minic a tharlaíonn sé sin. Fuair nach mór 100 duine bás[3] de bharr na drochaimsire agus an teocht chomh híseal le 45 céim celsius in áiteanna. [4]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2022-12-28). "2022 ar an bhliain is teo dár taifeadadh ariamh sa Bhreatain" (as ga-IE).
- ↑ "Explosive cyclogenesis" (as en) (2022-12-24). Wikipedia.
- ↑ "Late December 2022 North American winter storm" (as en) (2022-12-30). Wikipedia.
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-12-24). "Milliún gan leictreachas sna Stáit Aontaithe de bharr stoirme" (as ga-IE).