Stoirm gheimhridh, Meiriceá Thuaidh, Nollaig 2022

Bhuail stoirm fhiánta Meiriceá Thuaidh i rith mhí na Nollag 2022. Réab an stoirm os cionn 3,200 ciliméadar, idir Texas agus Quebec. 'Buama cioclóin'[1] a bhí an chúis, agus ní minic a tharlaíonn sé sin.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtStoirm gheimhridh, Meiriceá Thuaidh, Nollaig 2022
Íomhá
23 Nollaig 2022
CineálExplosive cyclogenesis (en) Aistrigh
extratropical cyclone (en) Aistrigh
winter storm (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid de2022-23 North American winter (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse21 - 26 Nollaig 2022
TírStáit Aontaithe Mheiriceá agus Ceanada Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna91 (30 Nollaig 2022) Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide

Bhí tuairim is 240 milliún duine buailte ag an ndrochaimsir. Fuair nach mór 100 duine bás[2] de bharr na drochaimsire agus an teocht chomh híseal le 45 céim celsius in áiteanna.[3]

rabhaidh aimseartha, 22 Nollaig 2022

Bhí cúrsaí iompair sna Stáit Aontaithe ina steig meig, bóithre dúnta agus eitiltí curtha ar ceal. Cuireadh tuairim is 5,000 eitilt ar ceal ar 23 Nollaig amháin (agus moill curtha ar 7,600 eitilt eile). Bhí breis is 1.5 milliún duine agus gnó fágtha gan aon chumhacht aibhléise sna Stáit Aontaithe agus i gCeanada. Dúirt Ranna Iompair, idir Dakota agus Quebec, go raibh cúrsaí go hainnis ar fad, le síobadh sneachta agus bóithre clúdaithe le leac oighir, agus ag moladh go láidir d'áitritheoirí fanacht sa bhaile.[3]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Explosive cyclogenesis" (as en) (2022-12-24). Wikipedia. 
  2. "Late December 2022 North American winter storm" (as en) (2022-12-30). Wikipedia. 
  3. 3.0 3.1 Nuacht RTÉ (2022-12-24). "Milliún gan leictreachas sna Stáit Aontaithe de bharr stoirme" (as ga-IE).