Easainm ina lán teangacha, i dtíortha an Iarthair go háirithe, ar an tSeoirsia, náisiún i Cugais, is Seoirsia. Is é Sakartvelo (Seoirsis: საქართველო), ainm na tíre sa tSeoirsis féin. Is é Gruziya (Грузия) ainm na tíre i Rúisis.

"Gorgania" a thugtar an an tSeoirsia ar mhapa Fra Mauro, 1460

Díorthaíonn an t-ainm dúchasach, is é sin Sakartvelo, ó Kartli, réigiún i gcroílár na Seoirsia. Iberia a thugtar ar an ríocht a d'fhás ansin sna foinsí Clasaiceacha agus Biosántacha. Is dócha go ndíorthaíonn na hainmneacha san Iarthar agus sa Rúis ón ainm a thug na Peirsigh ar na Seoirsigh, mar atá, gurğān, ó varkâna na Meán-Iaráinise, ar "tír na mac tíre" an chiall leis. (Tá an bunús céanna le feiceáil sa Sean-Airméinis Virk' (Վիրք) agus Iberia na Sean-Ghréigeach agus na Sean-Rómhánach).