An tSeoirsis

(Athsheolta ó Seoirsis)

Is í an tSeoirsis, nó an Ghrúisis, teanga oifigiúil na Seoirsia, agus í ó dhúchas ag ceithre mhilliún duine, a bheag nó a mhór. Ceann de na teangacha Cugasacha Theas is ea í, agus le fírinne is í an t-aon teanga amháin acu a bhfuil forbairt cheart liteartha déanta uirthi. Iad siúd a labhraíonn teangacha eile an ghrúpa seo, is é sin, Kivruli, Laz, Svan, nó Margaluri, is í an tSeoirsis liteartha is mó a chleachtann siad mar theanga liteartha. Is é kartuli ena (ქართული ენა) ainm na teanga sa teanga féin.

Infotaula de llenguaAn tSeoirsis
ქართული ენა agus ქართული‎
ქართული.png
Cineál teanga, teanga litríochta agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais 3,700,000 (2014)
Dúchasach do Seoirsigh, An tSeoirsia, Artvin Province (en) Aistrigh, Ordu Province (en) Aistrigh agus Sakarya Province (en) Aistrigh
Stáit An tSeoirsia, An Tuirc, An Rúis, An Iaráin, An Asarbaiseáin agus An Airméin
Kartvelian languages.svg
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
Teangacha Cugasacha
Kartvelian (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachta Aibítrí Seoirseacha, Georgian Braille (en) Aistrigh, Asomtavruli (en) Aistrigh, Nuskhuri (en) Aistrigh agus Mkhedruli (en) Aistrigh
Staidéar ag Georgian studies (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-1 ka
ISO 639-2 geo
ISO 639-3 kat
Glottolog nucl1302
Ethnologue kat
ASCL 4902
IETF ka

aibítir dá cuid féin ag an tSeoirsis. Deir na hAirméanaigh gurbh é Mesrop Mashtots, naomhphátrún na hAirméine, a rinne í, díreach mar a chum sé aibítir na hAirméinise féin, ach is é an scéal a insíonn na Seoirsigh féin gurbh é an Rí Pharnavaz a cheap na litreacha sa cheathrú haois i ndiaidh bhreith Chríost.

Tá traidisiún saibhir liteartha ag an tSeoirsis. Is é an téacs is sine atá ann ná Tsamebay tsmindisa Shushanikisi, dedoplisa (წამებაჲ წმიდისა შუშანიკისი დედოფლისაჲ) nó "Mairtíreacht na Bainríona Naofa Shushanik", agus téann sé siar go dtí an cúigiú haois i ndiaidh bhreith Chríost. B'é Iakob Tsurtaveli a chum é. Sa dara haois déag a scríobhadh eipic náisiúnta na Seoirsia, Vepkhistqaosani (ვეფხის ტყაოსანი), nó "An Ridire i gCraiceann an Phantair". B'é Shota Rustaveli an t-údar.

Cé go bhfuil an tSeoirsis an-difriúil le teangacha na hEorpa, bhí sí fáiltiúil riamh roimh fhocail iasachta ó na teangacha Iartharacha. An té a éistfidh leis an raidió Seoirsise, aithneoidh sé roinnt mhaith focal a tháinig as an Laidin nó as an nGréigis. I gcomparáid léi, tá an Airméinis, cuir i gcás, i bhfad níos "dothuigthe", cé go bhfuil sí gaolmhar leis na teangacha Ind-Eorpacha.

An tSeoirsis scríofa ar fhógra siopa in Tbilisi, sa tSeoirsia

An aibítirCuir in Eagar

(Seo iad na litreacha atá in úsáid i Seoirsis an lae inniu. Tá roinnt litreach de chuid na Sean-Seoirsise fágtha ar lár.)

ა = a

ბ = b

გ = g

დ = d

ე = e

ვ = v

ზ = z

თ = t (t láidir)

ი = i

კ = k eisiachtach, nó k scornánaithe - is é sin, an cineál speisialta den k a bhfuil an scornán páirteach ina fhuaimniú

ლ = l

მ = m

ნ = n

ო = o

პ = p scornánaithe

ჟ = zh,

რ = r

ს = s

ტ = t scornánaithe

უ = u

ფ = p (láidir)

ქ = k (láidir)

ღ = gh

ყ = q'. Is fuaim é seo nach mbíonn a leithéid le fáil sna teangacha eile. Go bunúsach, is k scornánaithe é a fhuaimnítear i bhfad siar sa scornach!

შ = s caol

ჩ = Č

ც = ts

ძ = dz

წ = ts scornánaithe

ჭ = scornánú á chur leis

ხ = ch

ჯ = j

ჰ = h

Vicipéid le fáil as An tSeoirsis freisin

StairCuir in Eagar

  • Seanseoirsis Luath : 5ú–8ú céad
  • Seanseoirsis Clasaiceach: 9ú–11ú céad
  • Lárseoirsis: 11ú/12ú–17ú/18ú céad
  • :Comhaimsearthaseoirsis 17ú/18ú céad – faoi láthair

TagairtíCuir in Eagar