I stair fhada litríocht na Seoirsia cumadh trí aibítir Sheoirseacha (Seoirsis: ქართული დამწერლობა kartuli damts'erloba) chun an tSeoirsis agus na teangacha Cairtvéalacha eile a scríobh. In aibítir an lá inniu, tá 33 litir ann a chuirtear i bhfoclóirí agus liostaí san ord céanna atá in aibítir na Gréigise.

Litreacha Seoirsise
Lámhscríbhinn le script Nuskhuri ón 10ú haois

Go dtí seo, is iad Inscríbhinní Bir el Qutt ón mbliain AD 430 an scríbhneoireacht i Seoirsis is sine dá bhfuil teacht uirthi. Rinneadh na hinscríbhinní seo i mainistir Sheoirseach sa Phalaistín ag baint úsáide as an aibítir ar a dtugtar Asomtavruli. De réir a chéile d'oibrigh an aibítir Nuskhuri ina hionad go dtí an 9ú haois. Mhair seal na haibítre Nuskhuri go dtí gur tháinig an aibítir Mkhedruli, a bhfuil cruth níos cruinne ar na litreacha, ina hionadsa sa 10ú haois. [1]

Ar 30 Samhain na bliana 2016, chuir UNESCO "traidisiún cultúir beo na dtrí chóras scríbhneoireachta na Seoirsise" ar an liosta úd acu Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe an Chine Dhaonna.[2]

Scríbhinn Asomtavruli ón 10ú haois
An script Mkhedruli mar a scríobh Banríon Tamar na Seoirsia í. Ba chóras scríbhneoireachta na cúirte ríoga í an Mkhedruli tráth, ach is í gnáth-aibítir na tíre anois í.

Na trí aibítir i stair na SeoirsiseCuir in Eagar

AsomtavruliCuir in Eagar

Asomtavruli
ႭჃ,
 

NuskhuriCuir in Eagar

Nusjuri
ⴍⴣ, ⴓ

An aibítir MkhedruliCuir in Eagar

Aige seo thíos tá na 33 litir a mbaintear úsáid astu inniu san aibítir Mkhedruli:

an
/ɑ/
ban
/b/
gan
/g/
don
/d/
en
/ɛ/
vin
/v/
zen
/z/
tan
/t(ʰ)/
in
/i/
k'an
/kʼ/
las
/l/
man
/m/
nar
/n/
on
/ɔ/
p'ar
/pʼ/
zhan
/ʒ/
rae
/r/
san
/s/
t'ar
/tʼ/
un
/u/
par
/p(ʰ)/
kar
/k(ʰ)/
ghan
/ɣ/
q'ar
/qʼ/
shin
/ʃ/
chin
/ʧ/
tsan
/ts/
dzil
/dz/
ts'il
/tsʼ/
ch'ar
/ʧʼ/
khan
/x/
jan
/ʤ/
hae
/h/

Tá 8 litir eile san aibítir Mkhedruli nach n-úsáidtear anois sa tSeoirsis féin a thuilleadh, ach tá cuid díobh in úsáid sna teangacha Cairtvéalacha eile:

he
/ej/
hie
/j/
vie
/vi/
hari
/q/
hoe
/ow/
fi
/f/
yn
/ə/
elifi
/ʔ/


TagairtíCuir in Eagar

  1. Juan Carlos Moreno Cabrera, El Universo de Las Lenguas, 2003, lch. 135
  2. "La tradición cultural viva de los tres sistemas de escritura del alfabeto georgiano".