Inscríbhinní Bir el Qutt

Is é atá i gceist le hInscríbhinní Bir el Qutt (Seoirsis: ბირ ელ ყუტის წარწერები) ná an scríbhneoireacht is faide siar sa tSeoirsis dá bhfuil teacht uirthi. Tá siad scríofa sa chóras scríofa ársa sa teanga úd ar a dtugtar Asomtavruli. Seandálaí Iodálach darbh ainm Virgilio Canio Corbo a tháinig orthu le linn tochailtí sa bhliain 1952[1] Cé gurb in iarsmaí mainistir Sheoirseach a fuarthas iad, ní sa tSeoirsia féin a bhí an mhainistir, ach in aice Bir el Qutt, sa Ghaineamhlach Iúdáiach, 6 km soir-ó dheas ó Iarúsailéim agus 2 km ó thuaidh ó Bheitheal.[2] Tá na hinscríbhinní suite in urlár mósáicí.[3][4][5] Rinneadh dhá cheann de na hinscríbhinní sa bhliain AD 430 agus an tríú ceann sa bhliain AD 532.[6][7]

WD Bosca Sonraí LeabharInscríbhinní Bir el Qutt

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineáldéantán seandálaíochta agus mósáic Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan tSeoirsis Cuir in eagar ar Wikidata

Peadar Ibéarach, fealsamh agus prionsa ríoga Seoirseach, a thóg nó a atóg an mainistir inar thángthas ar na hinscríbhinní. Tá seisean agus a athair luaite i gceann de na hinscríbhinní.[8][9] Tá Bacurius Ibéarach luaite sa dara hinscríbhinn a bhfuil teacht uirthi inniu; ceaptar gur b'fhéidir gur athair mór do Pheadar atá i gceist.[10]

Coimeádtar na hinscríbhinní san iarsmalann san Studium Biblicum Franciscanum in Iarúsailéim.[11] Tá inscríbhinn 2, ina luaitear Peadar Ibéarach, ar iarraidh faoi láthair.[12]

Inscríbhinní cuir in eagar

Inscríbhinn 1 cuir in eagar

ႣႠ ႻႭჃႻ

ႤႭჃႪႬႨ Ⴋ
ႠႧႬႨ ႡႠ
ႩႭჃႰ ႣႠ
ႢႰႨ ႭႰႫ
ႨႦႣ ႣႠ Ⴌ
ႠႸႭႡႬႨ
ႫႠႧႬႨ Ⴕ

  • Aistriúchán: "A Íosa Críost, déan trócaire ar Bakur [Bacurius Ibéarach] agus ar Griormizd agus ar a sliocht."
  • Dátaithe AD 430

Inscríbhinn 2 cuir in eagar

ႼႫႨႣႠႭ ႧႤႭႣႭႰ

Ⴄ ႫႠႰ Ⴌ ႣႠ ႡႭჃ
ႰႦ Ⴌ ႤႬ ႠႫႨ

  • Translation: "A Naomh Theodór, déan trócaire ar Maruan [Peadar Ibéarach] agus Burzen, Aiméan."
  • Dátaithe AD 430


Inscríbhinn 3 cuir in eagar

ႸႤႼႤႥႬႨႧႠ Ⴕ ჁႱႨႧႠ ႣႠ Ⴋ

ႤႭႾႤႡႨႧႠ ႼႫႨႣႨႱႠ ႣႠ Ⴇ ႤჂႱႨႧႠ
ႸႬ ႠႬႲႭႬႨ ႠႡႠჂ ႣႠ ႨႭႱႨႠ ႫႭ
ႫႱႾႫႤႪႨ ႠႫႨႱ ႱႤႴႨႱႠჂ ႣႠ ႫႠ
ႫႠ ႣႤႣႠჂ ႨႭႱႨႠჂႱႨ ႠႫႤႬ

  • Aistriúchán: "Le cuidiú Íosa Críost agus Naoimh Theodore, go ndéana Dia trócaire ar an Abba Antoine agus Iósua[,] ar leac na mósáice seo agus ar athair agus ar mháthair Iósua, Aiméan."
  • Dátaithe AD 532


 
Inscríbhinn 3, AD 532

Tagairtí cuir in eagar

  1. Khurtsilava, p. 56
  2. Khurtsilava, p. 57
  3. Gideon Avni, The Byzantine-Islamic Transition in Palestine: An Archaeological Approach, p. 149, Oxford University Press, 2014
  4. Dairat Al-Athar al-Ammah, Annual of the Department of Antiquities, p. 78
  5. Michael Avi-Yonah, Ephraim Stern, Encyclopedia of Archaeological Excavations in the Holy Land, V. 3, pp. 879-882
  6. Hewitt, lch. 4
  7. Khurtsilava, lch. 58
  8. Louis Leloir, Corpus Scriptorum Christianorum Orientalium, lch. 71, Secrétariat du Corpus SCO, 1976
  9. Glen Warren Bowersock, Peter Brown, Oleg Grabar, Late Antiquity: A Guide to the Postclassical World, lch. 466
  10. Khurtsilava, lch. 59
  11. Monachesimo Studium Biblicum Franciscanum
  12. Khurtsilava, lch. 61