Studium Biblicum Franciscanum

Cumann acadúil Prionsiasach is ea an Studium Biblicum Franciscanum, agus é suite in Iarúsailéim. Tá fócas an Studium dírithe ar thaighde ar na scríbhinní naofa agus ar theagasc fúthu.

Bosca Sonraí EagraíochtaStudium Biblicum Franciscanum
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálollscoil phoiblí Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnCaitliceachas Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh7 Eanáir 1924
Bunaitheoir(í)Caomhnóir an Talaimh Naofa Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Suíomh gréasáinsbf.custodia.org Cuir in eagar ar Wikidata

An eagraíocht cuir in eagar

Chuir na Prionsiasaigh tús lena gcuid pleananna i gcomhair an Studium sa bhliain 1901, agus sa bhliain 1924, osclaíodh an Studium Biblicum Franciscanum. Sa bhliain 1960 rinneadh cuid d’Ollscoil Phontaifiúil Antonionum é, ollscoil a bhfuil a campas suite sa Róimh, agus ó 2001 i leith is í Roinn na hEolaíochta Bíobalta agus Seadálaíochta den Ollscoil í. Is í Mainistir an Chéasta in Via Dolorosa in Iarúsailéim príomhshuíomh an chumainn.

Tá breis is 50,000 imleabhar agus 420 irisleabhar i mbailiúchán an chumainn. Tá Inscríbhinní Bir el Qutt ann freisin. Tá brainse den institiúid suite i Hong Cong.

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar