An tSeoirsis
Is í an tSeoirsis, nó an Ghrúisis, teanga oifigiúil na Seoirsia, agus í ó dhúchas ag ceithre mhilliún duine, a bheag nó a mhór. Ceann de na teangacha Cugasacha Theas is ea í, agus le fírinne is í an t-aon teanga amháin acu a bhfuil forbairt cheart liteartha déanta uirthi. Iad siúd a labhraíonn teangacha eile an ghrúpa seo, is é sin, Kivruli, Laz, Svan, nó Margaluri, is í an tSeoirsis liteartha is mó a chleachtann siad mar theanga liteartha. Is é kartuli ena (ქართული ენა) ainm na teanga sa teanga féin.
ქართული ენა agus ქართული | |
---|---|
![]() | |
Cineál | teanga, teanga litríochta agus teanga bheo |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 3,700,000 (2014) |
Dúchasach do | Seoirsigh, An tSeoirsia, Artvin Province (en) ![]() ![]() ![]() |
Stáit | An tSeoirsia, An Tuirc, An Rúis, An Iaráin, An Asarbaiseáin agus An Airméin |
![]() | |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna Teangacha Cugasacha Kartvelian languages (en) ![]() | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | Aibítrí Seoirseacha, Georgian Braille (en) ![]() ![]() ![]() ![]() |
Staidéar ag | Georgian studies (en) ![]() |
Cóid | |
ISO 639-1 | ka |
ISO 639-2 | geo |
ISO 639-3 | kat |
Glottolog | nucl1302 |
Ethnologue | kat |
ASCL | 4902 |
IETF | ka |
Tá aibítir dá cuid féin ag an tSeoirsis. Deir na hAirméanaigh gurbh é Mesrop Mashtots, naomhphátrún na hAirméine, a rinne í, díreach mar a chum sé aibítir na hAirméinise féin, ach is é an scéal a insíonn na Seoirsigh féin gurbh é an Rí Pharnavaz a cheap na litreacha sa cheathrú haois i ndiaidh bhreith Chríost.
Tá traidisiún saibhir liteartha ag an tSeoirsis. Is é an téacs is sine atá ann ná Tsamebay tsmindisa Shushanikisi, dedoplisa (წამებაჲ წმიდისა შუშანიკისი დედოფლისაჲ) nó "Mairtíreacht na Bainríona Naofa Shushanik", agus téann sé siar go dtí an cúigiú haois i ndiaidh bhreith Chríost. B'é Iakob Tsurtaveli a chum é. Sa dara haois déag a scríobhadh eipic náisiúnta na Seoirsia, Vepkhistqaosani (ვეფხის ტყაოსანი), nó "An Ridire i gCraiceann an Phantair". B'é Shota Rustaveli an t-údar.
Cé go bhfuil an tSeoirsis an-difriúil le teangacha na hEorpa, bhí sí fáiltiúil riamh roimh fhocail iasachta ó na teangacha Iartharacha. An té a éistfidh leis an raidió Seoirsise, aithneoidh sé roinnt mhaith focal a tháinig as an Laidin nó as an nGréigis. I gcomparáid léi, tá an Airméinis, cuir i gcás, i bhfad níos "dothuigthe", cé go bhfuil sí gaolmhar leis na teangacha Ind-Eorpacha.
An aibítirCuir in Eagar
(Seo iad na litreacha atá in úsáid i Seoirsis an lae inniu. Tá roinnt litreach de chuid na Sean-Seoirsise fágtha ar lár.)
ა = a
ბ = b
გ = g
დ = d
ე = e
ვ = v
ზ = z
თ = t (t láidir)
ი = i
კ = k eisiachtach, nó k scornánaithe - is é sin, an cineál speisialta den k a bhfuil an scornán páirteach ina fhuaimniú
ლ = l
მ = m
ნ = n
ო = o
პ = p scornánaithe
ჟ = zh,
რ = r
ს = s
ტ = t scornánaithe
უ = u
ფ = p (láidir)
ქ = k (láidir)
ღ = gh
ყ = q'. Is fuaim é seo nach mbíonn a leithéid le fáil sna teangacha eile. Go bunúsach, is k scornánaithe é a fhuaimnítear i bhfad siar sa scornach!
შ = s caol
ჩ = Č
ც = ts
ძ = dz
წ = ts scornánaithe
ჭ = scornánú á chur leis
ხ = ch
ჯ = j
ჰ = h
StairCuir in Eagar
- Seanseoirsis Luath : 5ú–8ú céad
- Seanseoirsis Clasaiceach: 9ú–11ú céad
- Lárseoirsis: 11ú/12ú–17ú/18ú céad
- :Comhaimsearthaseoirsis 17ú/18ú céad – faoi láthair
TagairtíCuir in Eagar
Is síol faoi theangacha é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |