Tá ainmneacha foirmeálta Gaelacha déanta as túsainm agus sloinne, cosúil leis an gcóras atá ann sa Bhéarla agus i go leor teangacha eile sa Domhan Thiar. Den chuid is mó, tagann na sloinnte Gaelacha as an seanchóras a bhí ann fadó nuair a léirítí cé leis an mac nó an iníon trí ainm an athar nó an tseanathar a úsáid, rud nach ndéantar ar an mbealach céanna sa lá atá inniu ann. Aithríonn an chuid is mó de shloinnte ag brath ar ghnéas an duine atá i gceist, agus i gcás mná atá pósta, más mian léi sloinne a fir chéile a ghlacadh.

Tá traidisiún eile sna Gaeltachtaí le haghaidh daoine a ainmniú, ar bhealach níos neamhfhoirmeálta: ainm, agus ainm an athar agus an athar mhóir sa tuiseal ginideach ina dhiaidh sin. Ag amanna, déantar an rud céanna le ainmneacha na máithreacha is na máithreacha móra, nó le meascán eicínt eile de thuismitheoirí agus seantuismitheoirí, m.sh. Jimín Mháire Thaidhg.

Saghasanna sloinnte Gaeilge cuir in eagar

Liostaigh an tAthair Pádraig de Bhulbh ceithre shaghas déag nó sé shaghas déag de shloinnte atá le fáil sa nGaeilge.[1] Seo iad iad:

I. Sloinnte dar tús Ó/Ua (ar brí leis 'garmhac'; ginideach agus foirm mhná pósta: Uí; foirm mhná neamhphósta: Ní), le túsainm Gaeilge sinsir. Is é seo an saghas is sine agus is líonmhaire. M.sh. Ó Briain, Ó Néill.

II. Sloinnte dar tús Ó/Ua (foirmeacha eile: féach thuas), le hainm nach túsainm traidisiúnta Gaeilge é ach ar ainm Lochlannaigh nó cur síos ar Lochlannach é de ghnáth. M.sh. Ó Bruadair, Ó Dubhghaill.

III. Sloinnte dar tús Ó/Ua (foirmeacha eile: féach thuas), le focal a dhéanas cur síos ar an sinsear ach nach é a ainm é. M.sh. Ó Gabhann, Ó hÍceadha.

IV. Sloinnte dar tús Mac nó Mag (ginideach agus foirm mhná pósta: Mhac; foirm mhná neamhphósta: Nic (ó 'iníon mhic'), le hainm traidisiúnta Gaeilge. M.sh. Mac Aodhagáin, Mac Cárthaigh.

V. Sloinnte dar tús Mac nó Mag (foirmeacha eile: féach thuas), le hainm eachtrannach ar ainm Lochlannaigh nó Normannaigh é de ghnáth. M.sh. Mac Íomhair, Mac Fheorais.

VI. Sloinnte dar tús 'a' (ón mBreatnais ab/ap, 'mac'). M.sh. a Paol, a Prís.

VII. Sloinnte dar tús Mac nó Mag (foirmeacha eile: féach thuas) le focal a dhéanas cur síos ar an sinsear ach nach é a ainm é. M.sh. Mac an tSaoir, Mac an Ridire.

VIII. Sloinnte Normannacha a úsáideas ainm an tsinsir gan réamh-mhír ná foirceann ar bith. M.sh. Ruiséal, Bairéad.

IX. Sloinnte ar aidiachtaí iad. M.sh. Bán, Beag.

X. Sloinnte dar críoch -ach, léiríos áit dhúchais, athair altramais, srl. Faigheann siad séimhiú más bean atá i gceist. M.sh. Breathnach, Caomhánach.

XI. Sloinnte gallda de bhunús áitiúil. M.sh. de Búrca, Céitinn.

XII. Sloinnte gallda a dhéanas cur síos ar an sinsear. M.sh. de Faoit, Aingléis.

XIII. An ginideach d'áit chónaithe an tsinsir, nó de thréithe a bhí aige. M.sh. an Mhachaire, na Bríde.

XIV-XVI. Bealaigh eile le cuid de na sloinnte thuas a rá, m.sh. in ionad "de Búrca", faightear "Búrcach", "an Búrcach", agus "Mac an Bhúrcaigh" faoi seach.

Túsainmneacha cuir in eagar

Tá seantraidisiún ag muintir na hÉireann, nuair atá siad ag tabhairt ainmneacha dá bpáistí: ainmnítear an chéad mhac i ndiaidh athar an athar agus an dara mac i ndiaidh athar na máthar, an tríú mac i ndiaidh an athar. Ainmnítear an chéad iníon i ndiaidh máthar na máthar, an dara iníon i ndiaidh máthar an athar agus an tríú iníon i ndiaidh na máthar. Ainmnítear aon ceann i ndiaidh sé sin mar atá de dhíth ar na tuismitheoirí. Go hiondúil, má tá an t-ainm céanna ag an athair agus ag an mhac, tugtar Mór ar an athair agus Óg ar a mhac. Baintear úsáid as aidiachtaí (go hiondúil ag baint le dath fholt) in áiteanna ina bhfuil go leor leor daoine leis an sloinne céanna acu, cuir i gcás an chlann chlúiteach 'Ua Conchubhair Donn' i gContae Ros Comáin.

Sloinnte agus Réimíreanna cuir in eagar

Go hiondúil, glacann sloinne fir an fhoirm Ó (Ua)Mac, leis an leagan tuiseal ginideach in a dhiaidh (mar shampla Mac le Dónal; Mac Dónaill). Tá an sloinne céanna roinnte idir an athair agus an mhac. Ach le haghaidh mná, aithríonn sé sin go dtí (Iníon Uí) nó Nic (Iníon Mhic). Is é an tuiseal ginideach ar Ó (Ua).

  1. Irish Names and Surnames, Rev Patrick Woulfe