Sloinne
Is éard is sloinne ann ná cuid d'ainm duine a úsáidtear i gcultúir áirithe chun muintir, pobal nó treibh an duine a léiriú.
Nósanna cultúr éagsúil
cuir in eagarSna teangacha Gaelacha agus i ndomhan an Bhéarla araon, tagann an sloinne i ndiaidh túsainm duine, agus tugann clann leo sloinne a athar de ghnáth. I dteangacha áirithe, an Ghaeilge san áireamh, bíonn leagan difriúil den sloinne ar iníon ná an ceann a bheadh ar mhac. Chomh maith leis sin, tá nós ann in go leor cultúr Eorpach go nglacann bean phósta sloinne a fhir chéile - b'fhéidir leagan difriúil de, mar a tharlaíos sa nGaeilge, nó an sloinne nua in éineacht lena sloinne breithe - ach tá an cleachtadh seo ag dul i léig beagán le blianta anuas. Ina lán teangacha san Áise, agus i gcodanna den Eoraip is den Afraic, cuirtear an sloinne i dtús ainm duine.
In áiteanna mar a labhraítear an Spáinnis nó an Phortaingéilis, faigheann leanbh sloinne a athar agus a mhátharsa de ghnáth. Feictear sloinnte dúbailte (nó sloinnte le níos mó codanna) i dteangacha eile freisin: sa mBéarla, mar shampla, is minic a léiríos siad uaisleacht, ar nós "Charles Mountbatten-Windsor", ainm iomlán Shéarlais III. Sa nGaeilge, is féidir ainmfhocal firinscneach a dhéanamh de go leor sloinnte trí -(e)ach a chur mar fhoirceann leis an mbunús, agus moltar é seo a dhéanamh leis an gcéad chuid de shloinne dúbailte.
Sloinnte Gaeilge
cuir in eagarLiostaigh an tAthair Pádraig de Bhulbh ceithre shaghas déag nó sé shaghas déag de shloinnte atá le fáil sa nGaeilge.[1] Seo iad iad:
I. Sloinnte dar tús Ó/Ua (ar brí leis 'garmhac'; ginideach agus foirm mhná pósta: Uí; foirm mhná neamhphósta: Ní), le túsainm Gaeilge sinsir. Is é seo an saghas is sine agus is líonmhaire. M.sh. Ó Briain, Ó Néill.
II. Sloinnte dar tús Ó/Ua (foirmeacha eile: féach thuas), le hainm nach túsainm traidisiúnta Gaeilge é ach ar ainm Lochlannaigh nó cur síos ar Lochlannach é de ghnáth. M.sh. Ó Bruadair, Ó Dubhghaill.
III. Sloinnte dar tús Ó/Ua (foirmeacha eile: féach thuas), le focal a dhéanas cur síos ar an sinsear ach nach é a ainm é. M.sh. Ó Gabhann, Ó hÍceadha.
IV. Sloinnte dar tús Mac nó Mag (ginideach agus foirm mhná pósta: Mhac; foirm mhná neamhphósta: Nic (ó 'iníon mhic'), le hainm traidisiúnta Gaeilge. M.sh. Mac Aodhagáin, Mac Cárthaigh.
V. Sloinnte dar tús Mac nó Mag (foirmeacha eile: féach thuas), le hainm eachtrannach ar ainm Lochlannaigh nó Normannaigh é de ghnáth. M.sh. Mac Íomhair, Mac Fheorais.
VI. Sloinnte dar tús 'a' (ón mBreatnais ab/ap, 'mac'). M.sh. a Paol, a Prís.
VII. Sloinnte dar tús Mac nó Mag (foirmeacha eile: féach thuas) le focal a dhéanas cur síos ar an sinsear ach nach é a ainm é. M.sh. Mac an tSaoir, Mac an Ridire.
VIII. Sloinnte Normannacha a úsáideas ainm an tsinsir gan réamh-mhír ná foirceann ar bith. M.sh. Ruiséal, Bairéad.
IX. Sloinnte ar aidiachtaí iad. M.sh. Bán, Beag.
X. Sloinnte dar críoch -ach, a léiríos áit dhúchais, athair altramais, srl. Faigheann siad séimhiú más bean atá i gceist. M.sh. Breathnach, Caomhánach.
XI. Sloinnte gallda de bhunús áitiúil. M.sh. de Búrca, Céitinn.
XII. Sloinnte gallda a dhéanas cur síos ar an sinsear. M.sh. de Faoit, Aingléis.
XIII. An ginideach d'áit chónaithe an tsinsir, nó de thréithe a bhí aige. M.sh. an Mhachaire, na Bríde.
XIV-XVI. Bealaigh eile le cuid de na sloinnte thuas a rá, m.sh. in ionad "de Búrca", faightear "Búrcach", "an Búrcach", agus "Mac an Bhúrcaigh" faoi seach.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Irish Names and Surnames, Rev Patrick Woulfe