Éireamhón mac Aodha
Rí Ulad de Dhál Fhiatach ba ea Éireamhón mac Aodha (Sean-Ghaeilge Airemón mac Áedo) (bás 886). Eochaid mac Fiachnai (bás 810), iar-rí Ulad, ba ea a sheanathair.[1][2] Bhí sé i réim ón mbliain 882 go dtí 886.[3]
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 886 |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Páiste | Bécc mac Airemóin |
Sa bhliain 882, tháinig sé i gcomharbacht ar a dheartháir, Ainbhioth mac Aodha mar leath-rí Ulad lena dheartháir, Eochocán (bás 883). Maraíodh Eochocán an bhliain dár gcionn, ámh ag a nianna, mic Ainbhíth, agus Éireamhón amháin ansin ina rí.[4] Maraíodh Éireamhón féin sa bhliain 886 ag ag Lochlannach, Eolóir mac Iergne (Halldór, mac Járn-kné)[5]
I measc a mhac, bhí Bécc (bás 893), rí Ulad, agus Maol Mórdha (Máel Mórda), a maraíodh sa bhliain 914 i gCath Grellach Eilte, ag troid ar son Néill Ghlúnduibh (bás 919) Uí Néill an Tuaiscirt in éadan an Ardrí, Flann Sionna (bás 916).
Féach freisin
cuir in eagarFoinsí
cuir in eagar- Corpus of Electronic Texts
- Annála Inis Faithlinn, G100004
- Annála Tiarnaigh, G100002
- Annála Uladh, cuid 1, G100001A
- Annála na gCeithre Máistrí, cuid 1, G800011A
- Leabhar Laighneach, Rig Ulad, G800011A
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Byrne, Tábla 6
- ↑ Charles-Edwards, Aguisín XXI
- ↑ Tugtar réimeas trí bliana dó sa Leabhar Laighneach
- ↑ Annála Uladh, AU 883.6
- ↑ AU 886.1