Grúpa airile

(Athsheolta ó Airil)

Sa cheimic orgánach, is éard is airil[1][2] ann ná aon fheidhmghrúpa nó aon mhalartaí a dhíorthaítear ó fháinne aramatach, hidreacarbón aramatach de ghnáth, amhail feinil agus naiftil. Úsáidtear “airil” ar mhaithe le giorrúchán nó ginearálú, agus úsáidtear “Ar” mar ionadchoinneálaí do ghrúpa airile i léaráidí de struchtúir cheimiceacha, ar aon dul leis an “R” a úsáidtear ar aon mhalartaí orgánach. Ní ceart “Ar” a mheascadh suas leis an tsiombail ar an dúil argón.

Grúpa-feinile

Is grúpa airile simplí í feinil (C6H5–), grúpa a dhíorthaítear ó bheinséin.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): airil” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-01-15.
  2. “airil” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-01-15.