Albert Fry

Gníomhaí Gaeilge, múinteoir, innealtóir, ceoltóir & amhránaí

Bhí cáil ar Albert Fry (1940 - 5 Bealtaine 2021) mar ghníomhaí teanga, cheoltóir, ailtire agus mar pheileadóir.[1] Bhí dáimh mhór aige le Gaeltacht Thír Chonaill, áit a raibh teach aige i Mín Corrbhaic, gar do Chroithlí (Loch an Iúir).[2] Chuir sé cúpla glúin faoi dhraíocht leis na leaganacha cruinne binne a bhí aige de chuid d'amhráin mhuintir Rann na Feirste.[3][4]

Infotaula de personaAlbert Fry
Beathaisnéis
Breith1940
Bás2021
80/81 bliana d'aois
Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairminnealtóir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge
Mín Corrbhaic (Loch an Iúir)

Saol cuir in eagar

Tógadh le Béarla Albert Fry i mBéal Feirste. Chuir sé suim sa Ghaeilge nuair a bhí sé ina ghasúr óg, agus thosaigh sé ag triall ar Ghaeltacht Rinn na Feirste i dTír Chonaill, áit ar fhoghlaim sé amhráin an cheantair sin.

 
Bóthar na bhFál

Fear mór CLG ab ea é. D’imir sé do Na Piarsaigh agus d’Aontroim le linn na 1950idí agus na 1960idí.

Láithreoir raidió agus teilifíse ab ea é chomh maith.

Ba é an chéad duine ón Tuaisceart a bhí ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge agus bhí sé an-ghníomhach i dtólamh i gCumann Chluain Ard Bhéal Feirste.

Bhí baint mhór ag Albert Fry le bunú agus forbairt Bhunscoil Phobal Feirste sna 1970idí, an chéad Ghaelscoil sa Tuaisceart.

Sa bhliain 2015, bronnadh Gradam Mhic Ádhaimh ar Fry.[5]

Ceol cuir in eagar

 

Chuir Gael Linn roinnt singil agus albam dá chuid amach sna 1960idí agus 1970idí.

  • Úr-chnoc Chéin Mhic Cáinte (7", Singil)[6]
  • Fáth Mo Bhuartha (45*)[7]
  • Maidin Luan Cincíse (Singil, Gael Linn, 1969)[8]
  • Tráthnóna Beag Aréir (albam, Gael Linn, SKU: CEFCD193)[9]
  • Thiar i dTír Chonaill (Tor Ceirnín, 1976).[10] I measc na n-amhrán atá le cloisteáil anseo tá ‘Méilte Cheann Dubhrann’ agus ‘Séimí Eoghainín Duibh
  • Albert Fry(LP, albam, Gael-Linn, 1979).[11]
  • Mheall sí lena glórthaí mé (Singil, Gael Linn, 1979)[12]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Albert Fry, duine de mhórGhaeil na hÉireann, ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-05-05.
  2. "Mín Corrbhaic/Meencorwick" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-05-05.
  3. Nuacht RTÉ (2021-05-05). "Duine de Ghaeil mhóra Bhéal Feirste Albert Fry tar éis bháis" (as en). 
  4. "Albert Fry" (en). Discogs. Dáta rochtana: 2021-05-05.
  5. Pól Ó Muirí. "Éirí Amach agus an teanga faoi chaibidil i mBéal Feirste" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-05-05.
  6. "Albert Fry - Úr-chnoc Chéin Mhic Cáinte (7", Single)" (en-ie). eBay. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-05-05. Dáta rochtana: 2021-05-05.
  7. "Albert Fry "Fath Mo Bhuartha" Irish Press 45*" (en-ie). eBay. Dáta rochtana: 2021-05-05.
  8. "Albert Fry - Maidin Luan Cincíse" (en). Discogs. Dáta rochtana: 2021-05-05.
  9. "TRÁTHNÓNA BEAG ARÉIR" (en). Gael Linn. Dáta rochtana: 2021-05-05.
  10. "Thiar i dTír Chonaill (Tape) | CIC". www.cic.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-12-11. Dáta rochtana: 2021-05-05.
  11. "Albert Fry [sound recording / Albert Fry]". www.itmacatalogues.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-05-05. Dáta rochtana: 2021-05-05.
  12. "Mheall sí lena glórthaí mé [sound recording / Albert Fry]". www.itmacatalogues.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-05-05. Dáta rochtana: 2021-05-05.