Rann na Feirste

baile fearainn i gContae Dhún na nGall

Is ceantar i bparóiste Anagaire in iarthar Dhún na nGall i bPoblacht na hÉireann í Rann na Feirste (seanainm: "Ceann Dubhrann"; Béarla: "Ranafast" nó "Rinnafarset"). Tá sí suite sna Rosa. Bhí cónaí ar 309 nduine i Rann na Feirste sa bhliain 2016.[1]

Infotaula de geografia políticaRann na Feirste
Rinnafarset area - Homes - geograph.org.uk - 1174925.jpg
Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
 55°03′03″N 8°14′08″W / 55.050941°N 8.235626°W / 55.050941; -8.235626
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Uladh
Contae in ÉirinnContae Dhún na nGall Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán 319 (2006) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie 14525

Maireann an Ghaeilge go fóill mar phríomhtheanga an cheantair Gaeltachta seo. I ndaonáireamh 2016 dúirt 90.4% de mhuintir Rann na Feirste go bhfuil Gaeilge acu agus dúirt 83.1% den daonra go labhraídís Gaeilge achan lá. Ar theacht an tsamhraidh chuile bhliain téann a lán scoláirí go dtí Coláiste Bhríde, a bunaíodh sa bhliain 1926 chun Gaeilge a fhoghlaim agus aithne a chur ar an chultúr gaelach. Nuair a bhíonn siad ann, fanann siad le teaghlaigh áitiúla. Bhí ceangal láidir ag an choláiste le oirthear chúige Uladh mar gheall ar an bhaint a bhí ag an Athair Lorcán Ó Muirí le bunú an choláiste. Scaip an tAthair Ó Muirí, agus sagairt agus tuataigh eile ar nós Tomás Ó Fiaich cáil Rann na Feirste ar fud na hÉireann agus bhí iomrá ar scríbhneoirí agus seanchaithe an cheantair.

I measc mhuintir na háite a bhfuil clú agus cáil orthu, tá na scríbhneoirí Séamus Ó Grianna agus Seosamh Mac Grianna, na seanchaithe Micí Sheán Néill agus Neidí Frainc agus ceoltóirí go leor, go háirithe clann Uí Dhomhnaill (Mícheál, Tríona, Mairéad a bhí sa ghrúpa Skara Brae agus a n-uncail Condaí Mhicí Hiúdaí.

Tá tógáil ar siúl ar ionad pobail i Rann na Feirste faoi láthair.

Tábla DaonraCuir in Eagar

Déantar cur síos ar athruithe ins an daonra ins na blianta anuas ins an tábla seo thíos:[1][2]

Bliain Daonra Athrú Athrú, %
2006 318 - -
2011 352 +34 +10.3%
2016 309 -43 -12.2%

ÍomhánnaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. 1.0 1.1 An Phríomh-Oifig Staidrimh (2017). "[https://www.cso.ie/px/pxeirestat/Statire/SelectVarVal/Define.asp?Maintable=E2016&Planguage=1 Fíor Athrú agus Athrú Céatadáin sa Daonra ó 2011 go 2016 de réir Liosta Bailte in Ord Aibítre, Bliain Daonáirimh agus Staitistic]". Dáta rochtana: 31-01-2019.
  2. An Phríomh-Oifig Staidrimh (2012). "Population Classified by Area (ln.54)" (Béarla). Dáta rochtana: 05/11/2018.