Micheál Ó Domhnaill
Ceoltóir Éireannach ab ea Micheál Ó Domhnaill (7 Deireadh Fómhair 1952 - 7 Iúil 2006).[1]
Ainm sa teanga dhúchais | (ga) Mícheál Ó Domhnaill |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | (ga) Mícheál Seosamh Ó Domhnaill 7 Deireadh Fómhair 1951 Baile Átha Cliath, Éire |
Bás | 7 Iúil 2006 54 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Gníomhaíocht | |
Gairm | giotáraí, cumadóir amhrán, amhránaí |
Tréimhse oibre | 1971 – |
Ball de | |
Seánra | Ceol na hÉireann |
Teangacha | Béarla agus an Ghaeilge |
Uirlis | Giotár |
Suíomh gréasáin | michealodomhnaill.com |
Saol
cuir in eagarRugadh an Domhnallach i gContae na Mí ar an 7 Deireadh Fómhair 1952.
Bhí a athair, Aodh Ó Domhnaill, as Rann na Feirste i dTír Chonaill, agus d'fhoghlaim sé go leor de thraidisiún ceoil a shinsear agus é ina ghasúr.
Bhí dúil mhór sa spórt aige i gcónaí agus d'imir sé peil do Chontae na Mí mar mhionúr, ach díbríodh é as a bheith ag imirt rugbaí chomh maith nuair a bhí toirmeasc ar a leithéid.
Bronnadh giotár air nuair a bhí sé tinn san ospidéal agus é dhá bhliain déag d'aois agus bhain sé ardscil amach san uirlis sin.
Fuair sé jab mar thaighdeoir sna 1970idí, is rinne sé an-chuid taighde ar amhráin dhúchais a mhuintire, go háirithe lena aintín Neilí Ní Dhomhnaill, agus ar amhráin na hAlban agus Shasana.
Ceoltóir gairmiúil
cuir in eagarThosaigh sé ag seinm leis an ngrúpa Skara Brae (Mícheál Ó Domhnaill, Tríona Ní Dhomhnaill, Dáithí Sproule agus Maighréad Ní Dhomhnaill) nuair a bhí sé fiche bliain d'aois. Bhí baint aige féin agus ag a dheirfiúracha Tríona agus Maighréad le grúpaí cáiliúla eile ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin.
Bhí sé ina bhall bunaidh de The Bothy Band i 1974 agus ardcháil air ar son a chuid amhránaíochta agus a chuid ceoil ar an ngiotár.
Chuaigh sé leis an ngrúpa Relativity ar feadh tamaill sna hochtóidí, ach chaith sé seal fada i Portland, Oregon.
Fuair sé bás go tobann i dtimpiste is cosúil (thit sé síos staighre) ar an 7 Iúil 2006 in aois 54 dó.[2][3]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Féach ar “An Bothy Boy - in ómós do Mhícheál Ó Domhnaill” craolta ar TG4 i rith 2011
- ↑ "Musician Micheál Ó Domhnaill dies at 54" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-07-07.
- ↑ Max Spiegel. "Micheal O'Domhnaill has passed away...(July 2006)". mudcat.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-12-05. Dáta rochtana: 2020-07-07.
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Suíomh Mícheál Ó Domhnaill 1951-2006
- "An Bothy Boy - in ómós do Mhícheál Ó Domhnaill” TG4 2011"
- "Promanade" le Kevin Burke is Micheál Ó Domhnaill (1978)
- "Tiocfaidh an Samhradh" le Mícheál Ó Domhnaill (1979)
- "Lord Franklin" le Micheál Ó Domhnaill is Kevin Burke (1979)
- "Casadh an tSugain" le Micheál Ó Domhnaill is The Bothy Band (1979)