Alberto Moravia

scríbhneoir agus iriseoir Iodálach

Duine de phríomhscríbhneoirí na hIodáile sa bhfichiú céad ab ea Alberto Moravia (ainm cleite de chuid Alberto Pincherle (1907-1990). Rugadh sa Róimh, chaith sé blianta dá óige i sanatóir, ionfhabhtaithe le heitinn scamhóige. Sna fichidí is na tríochaidí bhí sé faoi dhrámh rialtas Faisisteach Mussolini agus thaistil taobh amuigh den Iodáil agus chónaigh sna Stáit Aontaithe ar feadh scathaimh. Ina chéad úrscéal, Gli indifferenti (Na Fuaránaigh, 1929), a bhí an-rathúil, tugann sé tuairisc neamhbhreithiúnasach, ach thar a bheith éifeachtach, ar shochaí meata buirgeoiseach na Róimhe, an fhuarchúis, agus an glacadh le morgthacht a bhí de réir tréithe an ama sin. Ina chéad úrscéal eile, La romana (An Bhean Rómhánach, 1947), pléann sé fadhbanna an lucht oibre, arís ina stíl oibiachtúil ach faobhrach. Ina úrscéal, L’amore coniugale (An Grá Pósta, 1949), díríonn sé a dhearcadh micreascópach ar an ngné seo den saol meánaicmeach san Iodáil. Ansin ina úrscéal, Raconti romani (Scéalta Rómhánacha, 1954), díríonn sé ar mhorgthacht na meánaicme íochtaraí. Leabhair shuntasacha eile uaidh ab ea L’attenzione (An Rabhaidh, 1965), La vita interiore (An Bheatha Inmheánach, 1978), agus L’uomo che guarda (An Fear a Fhaireann, 1985).

Infotaula de personaAlberto Moravia

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith28 Samhain 1907
An Róimh, An Iodáil Cuir in eagar ar Wikidata
Bás26 Meán Fómhair 1990
82 bliana d'aois
An Róimh, An Iodáil Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaCampo Verano (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Feisire de Pharlaimint na hEorpa

24 Iúil 1984 – 24 Iúil 1989
Téarma parlaiminte: Dara Parlaimint na hEorpa

Toghcheantar: an Iodáil

Uachtarán PEN International (en) Aistrigh
1960 – 1962
← André Chamson (en) AistrighVictor van Vriesland → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn tAindiachas
Áit chónaithemaison-musée d'Alberto Moravia (fr) Aistrigh
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Strasbourg
An Bhruiséil Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1929 –
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Cumannach na hIodáile Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
SeánraÚrscéal, script scáileáin agus aiste
Ainm cleiteAlberto Moravia Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Iodáilis
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileElsa Morante (1941–1961)
Carmen Llera (1986–1990) Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíDacia Maraini (1962–1978) Cuir in eagar ar Wikidata
SiblínAdriana Pincherle
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0603179 Allocine: 26604 Allmovie: p50479
Musicbrainz: a1b18641-52fd-4478-821b-55cce701c7c3 Discogs: 1031996 Find a Grave: 10220465 Cuir in eagar ar Wikidata

An Grá Pósta cuir in eagar

D'aistrigh an tOllamh Matthew Hussey L’amore coniugale ón Iodáilis mar An Grá Pósta, foilsithe ag Coiscéim i 2016. Is úrscéal gairid é, ar iarracht scríbhneora a théann amuigh faoin tuath lena bhean chéile chun scríobh, mar a bheadh i gcluiche scáthán, ar an ngrá pósta. Ach go mall, caolaíonn an iarracht a mbeatha le chéile a mhionscrúdú agus an nasc geanúil anghrách a chaomhnú agus a thuairisciú i bhfoirm scríofa. Déanta na fírinne claochlaítear réaltacht chasta an ghrá phósta, de réir mar a thagann an scéal le bheith scríofa síos ag an gcathurra scríbhneora, go dtí go dtagann sé le bheith déanta é a shábháil agus a chaomhnú. Nochtaítear na ceangail agus na codarsnachta idir an bheatha thochtach agus an bheatha chultúrtha, idir fhuinneamh gnéasach agus chruthaitheacht, agus iad iniúchta ag Moravia lena ghnáthghéire gan aon ghéilleadh do mhínithe seasca síceolaíocha.