Alfred Trubner Nutt
foilsitheoir agus béaloideasaí Sasanach
Foilsitheoir, béaloideasóir, agus Ceiltíoch Sasanach ab ea Alfred Trubner Nutt (22 Samhain 1856 – 21 Bealtaine 1910).[1] Rugadh i Londain é in 1856, agus ghlac sé seilbh ar ghnó foilsitheoireachta a athar in 1878 tar éis dó staidéar a dhéanamh sa Fhrainc agus printíseachtaí gnó éagsúla san Eoraip.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 22 Samhain 1856 Londain, England |
Bás | 21 Bealtaine 1910 53 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | foilsitheoir (1878–) |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Athair | David Nutt |
Rinne sé taighde tábhachtach ar an mbéaloideas. Bhunaigh sé The Folk-Lore Journal agus bhí sé i gceannas ar The Folklore Society i Londain. Rinne sé taighde suntasach ar fhréamhacha Ceilteacha fhinscéal an tSoithigh Naofa. Bhí baint aige le bunú Chumann na Scríbheann nGaedhilge in 1898. Bádh Nutt sa bhliain 1910 agus é ag iarraidh a mhac, a bhí faoi mhíchumas, a tharrtháil sa tSéin.
Rogha foilseachán
cuir in eagar- Studies on the Legend of the Holy Grail: With Especial Reference to the Hypothesis of Its Celtic Origin (Londain: David Nutt, 1888)
- Beside the Fire: A Collection of Irish Gaelic Folk Stories (le Dubhghlas de hÍde; Londain: David Nutt, 1890)
- Folk and Hero Tales (le Duncan MacInnes; Londain: David Nutt, 1890)
- The Voyage of Bran, Son of Febal, to the Land of the Living; An Old Irish Saga (le Kuno Meyer; Londain: David Nutt, 1895)
- Celtic and Mediæval Romance (Londain: David Nutt, 1899)
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “NUTT, Alfred Trubner | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-25.