Altram
eagraíocht a chuireann cúram luathbhlianta trí mheán na Gaeilge chun cinn
Eagras cúram leanaí i dTuaisceart na hÉireann is ea Altram, atá mar sprioc aige curam luathbhlianta ar ardchaighdeáIn trí mheán na Gaeilge a chur chun cinn. Tugann tacaíocht do sholáthraí luathbhlianta lán-Ghaeilge.[1]
Sonraí | |
---|---|
Cineál | eagraíocht |
Foirm dlí | |
Dáta a bunaíodh | 1990 |
Suíomh gréasáin | altram.org |
Áiseanna cuir in eagar
Tá leabharlann bhréagán agus leabhar ag Altram ar fud an réigiúin. Tá ceithre leabhar agus dlúth cheirnín d'amhráin foilsithe ag Altram.
Stair cuir in eagar
Bunaíodh Altram sa bhliain 1990. Bhunaigh grúpa tionscnaimh pobalbhunaithe Gaeilge (naíonraí i nDoire, Béal Feirste, Ard Mhacha agus Iúr Chinn Trá) an t-eagras.
Is tríd phórdheontas ón Crannchur Náisiúnta a maoiníodh na háiseanna leabharlainne i dtús ama. Leis an deontas seo, bhí Altram in ann réimse áiseanna luathbhlianta a cheannacht. Is ón HSCB a thagann an maoiniú anois.
Féach freisin cuir in eagar
Naisc cuir in eagar
- Altramː Tá suíomh gréasáin Altram mar áis ag foirne naíscoileanna, coistí, tuismitheoirí agus páistí.
Tagairtí cuir in eagar
Is síol faoi Thuaisceart Éireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |