Baile mór agus bardas i Meicsiceo is ea Amecameca, nó Amecameca de Juárez go hoifigiúil. Tá Amecameca suite in oirthear stát Mheicsiceo idir Cathair Mheicsiceo agus Iztaccíhuatl agus Popocatépetl, bolcáin san sliabhraon ar a dtugtar Sierra Nevada. Sa bhliain 2010, bhí 48,363 duine ina gcónaí ann. 2,480m an meánairde os cionn leibhéal na farraige. Ceantar mór turasóireachta é Amecameca, do mhuintir Chathair Mheicsiceo go háirithe, ach tagann laghdú ar líon na gcuairteoirí nuair a bhíonn ceann de na bolcáin ag brúchtadh. D'fhás an tsiúr Juana Inés de la Cruz, scríbhneoir, aníos in Amecameca san 17ú haois.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |