Juana Inés de la Cruz
Bean rialta d'Ord San Iaróm agus scríbhneoir nonvohispana i Ré Órga litríocht na Spáinne ab ea Juana Inés de Asbaje y Ramírez de Santillana nó sor Juana Inés de la Cruz mar is fearr aithne uirthi (12 Samhain 1651 – 17 Aibreán 1695). Shaothraigh sí an fhilíocht, litríocht an chreidimh agus an drámaíocht, chomh maith leis an bprós. Thuill feabhas a saothair leasainmneacha di mar "Féinics Mheiriceá" agus "an Deichiú Bé [Mheicsiceach]".
Juana Inés de la Cruz | |
![]() | |
Sor Juana Inés de la Cruz, portráid le Miguel Cabrera, ca. 1750 | |
Dáta breithe | 12 Samhain 1651 |
Nepantla, Nua-Spáinn | |
Dáta báis | 17 Aibreán 1695) |
(Meicsiceo) (Nua-Spáinn) | |
Náisiúntacht | Novohispana |
Gairm | Bean rialta, scríbhneoir, file |
Seánra | Filíocht, drámaíocht, srl |
Síniú![]() |
A luathshaolCuir in Eagar
Rugadh í mar Juana Inés de Asbaje y Ramírez de Santillana in San Miguel Nepantla (Nepantla de Sor Juana Inés de la Cruz inniu ina honóir) in aice le Cathair Mheicsiceo. Leanbh tabhartha ab ea í: captaen Spáinneach darbh ainm, Pedro Manuel de Asbaje, a hathair agus bean criolla, Isabel Ramírez, a máthair. Níor fhan a hathair; a máthair a thóg í ar hacienda athair Isabel in Amecameca in aice le Cathair Mheicsiceo.
Bhí dúil mhór sa léinn ag Juana ó bhí sí ina leanbh. Fuair sí léamh agus scríobh sula raibh sí 4 bliana d'aois ag freastal ar ranganna na deirféar is sine sa chlann, é seo i ngan fhios dá máthair.[1] D'fhoghlaim sí an loighic Ghréigeach agus in aois a 13 bliana bhí sí ag múineadh Laidine do pháistí eile. D'fhoghlaim sí an teanga Nahuatl agus scríobh cúpla dán gearra sa teanga úd. [2] </ref>
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ Sor Juana Inés de la Cruz. «Respuesta a Sor Filotea de la Cruz», Obras completas, t. IV, ed. Alberto G. Salceda. México: FCE, 1957, lch. 455.
- ↑ "Sor Juana Inés de la Cruz". Academy of American Poets.
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |