Taibhdhearc na Gaillimhe
Amharclann náisiúnta na Gaeilge í Taibhdhearc na Gaillimhe (nó 'an Taibhdhearc' mar is fearr aithne uirthi). Mar aon le nuadhrámaíocht Ghaeilge, léirítear sa Taibhdhearc drámaí a aistrítear go Gaeilge ó go leor leor teangacha, chomh maith le ceoldrámaí agus geamaireacht.
Taibhdhearc na Gaillimhe | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Amharclann agus eagraíocht neamhbhrabúis | |||
Foirgníocht | 1928 | |||
Dáta na hoscailte oifigiúla | 1928 | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Gaillimh, Éire | |||
| ||||
Suíomh gréasáin oifigiúil | antaibhdhearc.com | |||
Seanfhocal Ghaeilge is ea an 'Taibhdhearc', atá comhdhéanta de 'taibhsiúil' agus 'dearc'; “radharc nó láthair draíochtúil” is ciall leis dar le suíomh gréasáin na hamharclainne féin.[1] Maítear freisin gur úsáideadh an focal i ngluais i seancháipéis Laidine a scríobhadh in Éirinn, ag déanamh tagartha do 'teatram' ('amharclann').
Stair
cuir in eagarBunaíodh i nGaillimh sa bhliain 1929 í, agus tá sí suite ar an tSráid Láir i gcathair na Gaillimhe ó shin i leith. Is é Earnán de Blaghd, an tAire Airgeadais in 1927 a thoil deontas a thabhairt chun go mbunófaí an amharclann an chéad lá riamh.
Ar an 27 Lúnasa 1928, osclaíodh an "Galway Gaelic Theatre", agus “An Taibhdhearc” níos déanaí, le "Diarmuid agus Gráinne", á léiriú ag Micheál Mac Liammóir[2].
Ba é Micheál Mac Liammóir céad stiúrthóir na hamharclainne agus is iomaí sin léirthóir agus aisteoir mór le rá a thosaigh ar a bheith ag obair sa drámaíocht sa Taibhdhearc, leithéidí Siobhán McKenna, Michael Lally, Frank Dermody, Walter Macken, Caitlín Maude. Ar áireamh sna drámadóirí ar léiríodh a chuid drámaí san amharclann tá Eoghan Ó Tuairisc, Mairéad Ní Ghráda, Criostóir O'Flynn, Breandán Ó Beacháin, agus Antaine Ó Flathartha.
Ó bhí na 1960í ann, tá dlúthbhaint ag Seán agus Máire Stafford leis an Taibhdhearc.
Foinsí
cuir in eagar- 'Taibhdhearc na Gaillimhe', The Encyclopedia of Ireland, Gill & Macmillan Ltd (2003)
- Suíomh gréasáin na Taibhdheirce
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Scéal agus stair na Taibhdheirce". Dáta rochtana: 2024-06-11.
- ↑ Seán Stafford (2002). Journal of the Galway Archaeological and Historical Society, Vol. 54 pp. 183-214: "Taibhdhearc na Gaillimhe: Galway's Gaelic Theatre". Dáta rochtana: 2018.