An Aird Thoir

baile fearainn i gContae na Gaillimhe

Baile fearainn in Iorras Aithneach, Contae na Gaillimhe is ea An Aird Thoir[1], in aice leis an Aird Thiar agus cúpla míle siar ó shráidbhaile Charna. Uaireanta tugtar Aird an Chaisleáin ar an gceantar mar gheall ar sheanchaisleán (Caisleán na hAirde) a bhíodh suite ar an teorainn idir an Airde Thoir agus an Airde Thiar.[2]

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Aird Thoir

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°19′10″N 9°52′08″W / 53.319424°N 9.868778°W / 53.319424; -9.868778
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie18251

Ba as an Aird Thoir Seosamh Ó hÉanaí, an t-amhránaí sean-nóis mór le rá, agus tá saibhreas ar leith sa gceantar ó thaobh amhránaíochta agus scéalaíochta leis na glúnta. I léirmheas de chuid Musical Traditions sa bhliain 2000, dúradh “gur dócha gurb é an Aird Thoir an pobal amhránaíochta a bhfuil an cháil is mó air in iarthuaisceart na hEorpa”.[3]

Féach freisin cuir in eagar

Naisc Sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. An Aird Thoir/Ard East | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. Tim Robinson (1985). "Mapping South Connemara: Parts 1-29 Cashel, Carna, Cill Chiaráin" (as Béarla). Folding Landscapes. 
  3. "Nioclás Tóibín agus Dara Bán Mac Donnchadha".