An Céachta agus na Réaltaí
Léiríodh an dráma An Céachta agus na Réaltaí (Béarla: The Plough and the Stars) de chuid Sheáin Uí Chathasaigh den chéad uair in Amharclann na Mainistreach ar 8 Feabhra 1926. Ainmníodh é i ndiaidh an Chamchéachta, an bhratach shóisialach de chuid Arm Cathartha na hÉireann.
The Plough and the Stars | |
---|---|
Cineál | saothar liteartha |
Údar | Seán Ó Cathasaigh |
Teanga | Béarla |
Suíomh scéalaíochta | Baile Átha Cliath |
Céadléiriú | |
Céadléiriú | 8 Feabhra 1926 |
Amharclann | Amharclann na Mainistreach |
Eile | |
Aitheantóir Theatricalia | 89f agus 5t4 |
Rinne Seán Ó Carra aistriúchán Gaeilge ar an dráma a céadléiríodh sa Taibhdhearc ar an 23 Samhain 1980.[1]
Plota
cuir in eagarCaitear súil sa dráma ar dhearcadh na ngnáthdhaoine i leith Éirí Amach 1916.[2] Is é is ábhar don dráma ná an dóigh a ndeachaigh an pholaitíocht réabhlóideach i gcion ar mhuintir na slumaí i mBaile Átha Cliath.
Glacadh
cuir in eagarBhí uafás sa lucht féachana ag an am mar gheall ar an léiriú a thug sé ar Éirí Amach na Cásca. Lean círéibeacha an léiriú.[3] Bhí an Plough and the Stars ceaptha mar dhráma frithchogaidh. Ach is é an chiall a bhain an lucht féachana as ná gur dráma frithnáisiúnaíoch a bhí ann.
Bhí an scliúchas cosúil leis na círéibí a lean an Playboy of the Western World le John Millington Synge sa bhliain 1907.
Ach chuaigh an scéala i bhfeidhm go mór ar an bpobal níos déanaí. Mar sin, d'éirigh an Cathasach as a jab le cromadh ar an scríbhneoireacht go lánaimseartha.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "An Céachta agus na Réaltaí". Playography Ireland. Dáta rochtana: 2024-03-22.
- ↑ irishplayography.com (2014). "The Plough and the Stars". gaeilge.irishplayography.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-12-04. Dáta rochtana: 2021-07-13.
- ↑ ireland2016.gov.ie (2018-03-14). "The Plough and the Stars at the Abbey Theatre | Ireland 2016". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-03-14. Dáta rochtana: 2021-07-13.