An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta
Is áisíneacht oideachais Gaeilge é An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta / COGG lonnaithe agus ag déanamh freastal ar oideachais trí mheán na Gaeilge ag an mbun- agus ag an ndara-leibhéil i bPoblacht na hÉireann.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | eagraíocht |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 2002 |
Suíomh gréasáin | https://www.cogg.ie/ |
Bunaíodh COGG faoi fhorálacha Alt 31 den Acht Oideachais 1998 tar éis feachtais a chuir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Gaelscoileanna Teo. agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta ar bun le go mbeadh sainstruchtúr ann le freastal a dhéanamh ar riachtanais oideachais na scoileanna Gaeltachta agus na scoileanna lán-Ghaeilge in Éirinn. Tá feidhmeanna maidir le múineadh na Gaeilge i scoileanna eile na tíre ag an gComhairle chomh maith.[1]
Freastalaíonn COGG ar Phoblacht na hÉireann amháin go hoifigiúil. Freastalaíonn Comhairle na Gaelscolaíochta ar an nGaeloideachas i dTuaisceart Éireann.
Féach Freisin
cuir in eagar- Gaelscoil
- Gaelcholáiste
- Gaelscoileanna in Éirinn
- An Foras Pátrúnachta, Poblacht na hÉireann.
- An Roinn Oideachais agus Scileanna, Poblacht na hÉireann.
- Comhairle na Gaelscolaíochta, Tuaisceart Éireann.
Tagairtí
cuir in eagarIs síol faoin oideachas é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |