Pádraig Ó Mianáin
foclóirí Éireannach
(Athsheolta ó An Dr Pádraig Ó Mianáin)
Is eagarthóir sinsearach foclóireachta le Foras na Gaeilge, acadóir agus gníomhaí pobail as Carn Tóchair é an Dr Pádraig Ó Mianáin. Is é Príomh-Eagarthóir an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge (NEID) é.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | Bealtaine 1969 55 bliana d'aois |
Áit chónaithe | Gaoth Dobhair Baile Mhic Robhartaigh |
Gníomhaíocht | |
Gairm | foclóirí |
Teangacha | An Ghaeilge |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Teaghlach | |
Athair | Proinsias Ó Mianáin |
Gníomhaíocht phobail
cuir in eagar“Is é atá foghlamtha ag Coiste Forbartha Charn Tóchair le tríocha bliain anuas ná nach leor an Gaeloideachas leis féin chun an teanga a athbhunú mar theanga bheo,” arsa Pádraig Ó Mianáin. [1]
“Is gá pobal Gaeilge a bhunú timpeall ar na haonaid Ghaeloideachais sin, idir naíscoil, bhunscoil agus mheánscoil; is gá an dúrud oibre a dhéanamh leis an óige taobh amuigh de gheataí na scoile leis an teanga a normalú mar mheán cumarsáide ina measc; agus is gá tacaíocht leanúnach a thabhairt do na teaghlaigh sin atá ag tógáil páistí le Gaeilge.”
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "‘An baol ann go ligfear don Ghaeilge cúlú arís sna háiteanna a bhfuil dúshraith nua curtha fúithi’" (ga-IE). Tuairisc.ie (2022-03-24). Dáta rochtana: 2024-03-19.