An Iaing-tsí
an abhainn is faide sa tSín
Abhainn is ea an Iaing-tsí. Is í an abhainn is faide san Áise í, agus í ar an tríú ceann is faide ar domhan. Tá sí tuairim is 6,300 km (3,915 míle) ar fhad. I gcúige Qinghai atá an fhoinse le fáil, agus sroicheann sí an fharraige i Shanghai. Tá an Iaing-tsí an-tábhachtach sa tSín ó thaobh na heacnamaíochta, an chultúir agus na staire de.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |