An Nigéir
Is tír san Afraic í an Nigéir. Is í Abuja an phríomhchathair agus Lagos an chathair is mó. Iarchoilíneacht Bhriotanach í atá suite in Iarthar na hAfraice agus 923,768 ciliméadar cearnach ann. Tá sí ag críochantacht leis an Nígir, Camarún, Sead, agus Beinin. Táirgeoir mór ola í ach tá formhór na ndaoine an-bhocht. Tá siad roinnte ina dtreibheanna, agus is minic aighneas idir Críostaithe agus Moslamaigh.
An Nigéir | |||||
---|---|---|---|---|---|
Nijeriya (ha) Naigeria (ig) Nàìjíríà (yo) | |||||
|
|||||
Aintiún | Nigeria, We Hail Thee | ||||
Mana | «Unity and Faith, Peace and Progress» «Единство и вяра, мир и прогрес» «Good people, great nation» «Undod a Ffydd, Heddwch a Chynnydd» | ||||
Siombail oifigiúil | Costus spectabilis | ||||
Ainmnithe in ómós | An Nígir | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Abuja | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 211,400,708 (2021) | ||||
• Dlús | 228.85 hab./km² | ||||
Déamainm | Nigéarach | ||||
Teanga oifigiúil | Béarla | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | an Afraic Thiar | ||||
Achar dromchla | 923,768 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | an tAigéan Atlantach | ||||
Pointe is airde | Chappal Waddi (en) (2,419 m) | ||||
Pointe is ísle | Lagos Island (en) (−0.2 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Cónaidhm na Nigéire | ||||
Cruthú | 1 Deireadh Fómhair 1963 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | poblacht chónaidhme | ||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Comh-Aireacht na Nigéire | ||||
Comhlacht reachtach | Tionól Náisiúnta na Nigéire | ||||
• Uachtarán na Nígéire | Bola Ahmed Tinubu (2023–) | ||||
Údarás breithiúnach is airde | Cúirt Uachtarach na Nigéire | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 440,833,583,992 $ (2021) | ||||
Airgeadra | naira | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .ng | ||||
Glaochód | +234 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 112 agus 199 | ||||
Cód tíre | NG | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | nigeria.gov.ng |
Labhraítear trí príomhtheangacha dúchasacha, Yoruba, Hausa agus Igbo mar aon le cuid mhaith mionteangacha eile sa tír. Úsáidtear an Béarla go forleathan ann freisin.
Bhain an Nigéir neamhspleáchas amach sa bhliain 1960, agus rialtais mhíleata is mó a bhí i réim ó shin. Bhí cogadh cathartha sa tír sna seascaidí agus fuair na milliúin bás den ocras.
Aeráid theochreasach atá le fáil sa deisceart, ach tá an talamh ina fhásach beagnach sa tuaisceart mar a bhfuil cathair Jos. In ainneoin an tsaibhris uile a rinneadh as an ola tá fadhbanna móra sláinte sa tír i gcónaí.
Bhí daonra 210 milliún ann sa bhliain 2021 agus é ag fás go mear.
Daoine iomráiteacha
cuir in eagar- Chinua Achebe - úrscéalaí agus údar an-thorthúil
Féach freisin
cuir in eagarLeabhair
cuir in eagar- Ó Máille, Pádraig (1972). Dúdhúchas. BÁC: Sáirséal agus Dill.