Is baile agus seanpharóiste suite in Earra-Ghàidheal agus Bòd é an Rubha (Béarla: Rhu).[1] "Row" a thugtaí ar an áit i mBéarla ach athraíodh é go "Rhu" chun an fhoghraíocht áitiúil a léiriú. Tá an baile ar bhruach thoir an Ghearr Locha ar chósta thiar na hAlban. D'éirigh an áit faiseanta i measc lucht an rachmais as Glaschú san 19ú haois. Inniu féin is ionad luamhaireachta suntasach é agus muiríne le bearta feistithe le haghaidh 235 bád ann.
- ↑ “Rhu” (en). Ainmean-Àite na h-Alba. Dáta rochtana: 2022-09-16.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |