An Triail (Franz Kafka)
Úrscéal mór le rá ó pheann an scríbhneora Gearmáinise Franz Kafka is ea Der Process nó An Triail, foilsithe sa bhliain 1925 don chéad uair.
(de) Der Prozeß | |
---|---|
Cineál | úrscéal neamhchríochnaithe agus saothar liteartha |
Cárta innéacs | |
Údar | Franz Kafka |
Teanga | an Ghearmáinis |
Foilseachán | Beirlín , an Ghearmáin agus an Ostair, 1925 |
Dáta a bunaíodh | 1914 ↔ 1915 |
Tréith | |
Seánra | litríocht éigiallta agus ficsean diostóipeach |
Carachtair | |
Taispeánann sé/sí | eiseachas |
Gradam a fuarthas | |
Gradam a fuarthas | 100 Leabhar na hAoise de réir Le Monde |
Chuaigh Kafka i mbun pinn ar an ábhar idir na blianta 1914 agus 1915, ach níor chríochnaigh sé an scéal riamh agus níor foilsíodh é go dtí an bhliain 1925. Scéal fir darbh ainm Josef K. atá ann, baincéir rathúil atá gafa agus curtha ar thriail ag údarás anaithnid de bharr chúiseanna nach luaitear riamh ach oiread.
Der Process a thug Kafka air i nGearmáinis a linne féin, ach feictear leaganacha eile idir Der Prozess, Der Proceß agus Der Prozeß.
Gaeilge
cuir in eagarD'aistrigh Risteárd Mac Annraoi an t-úrscéal go Gaeilge.[1]
Féach freisin
cuir in eagar- An Triail (Máiréad Ní Ghráda)
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "An Triail (Franz Kafka)" (ga-IE). An Ceathrú Póilí. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-02-05. Dáta rochtana: 2023-02-05.
Is síol faoi leabhar nó litríocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |