An t-Sròn Reamhar

áit lonnaithe in Albain

Is port tábhachtach agus baile mór i gComhairle Dhùn Phris is Ghall-Ghàidhealaibh, in iardheisceart na hAlban é An t-Sròn Reamhar[1] (Gaeilge: An Srón Ramhar; Béarla: Stranraer). Roimh 1975 bhí an baile mar chuid de Chontae Bhaile na hÚige, mar a bhí. Tá sé suite ar bhruch theas Loch Ríoghaine ar chuing tíre agus Na Rannaibh sínte amach siar ón bhaile féin. Is é An Srón Ramhar an dara baile mó is mó sa chontae, tar éis Dùn Phris, agus 13,000 duine ina gcónaí ann. Tá sé suite 42 mhíle soir ó Bhéal Feirste, 52 mhíle siar ó dheas ó Inbhir Áir, 72 mhíle siar ó Dhùn Phris, 87 míle siar ó dheas ó Ghlaschú agus 425 mhíle siar ó thuaidh ó Londain.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn t-Sròn Reamhar

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°54′05″N 5°02′06″W / 54.9014°N 5.035°W / 54.9014; -5.035
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheAlbain
Limistéar comhairle in AlbainComhairle Dhùn Phris is Ghall-Ghàidhealaibh Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán10,320 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód01776 Cuir in eagar ar Wikidata

Blianta ó shin ba ghnách go dtagadh báid mhóra farantóireachta isteach ó Latharna agus Bhéal Feirste, i dTuaisceart Éireann go dtí gur aistríodh an dá chomhlachta bád farantóireachta araon 4 mhíle ó thuaidh suas an bealach mór go Machair an Sgithich i mí na Samhna 2011. Tá cúig bhunscoil agus meánscoil amháin sa bhaile. Críochnaíonn dhá phríomhbhóthar i lár an bhaile; an A75 ó Dùn Phris agus Sasana, agus an A77 ó Inbhir Áir agus Glaschú.

Sa lá atá inniu ann is iad an turasóireacht agus an talmhaíochta an dá thionscal is coitianta i measc bhunadh na háite.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Ainmean-Àite na h-Alba (AÀA) — Gaelic Place-names of Scotland” (en). Ainmean-Àite na h-Alba. Dáta rochtana: 2024-04-17.