Is é an tAeón Háidéach an chéad aeón geolaíoch as na ceithre aeón i stair an domhain, ó thart ar 4.6 billiún bliain ó shin, nuair a foirmíodh an domhan féin,[1][2] go dtí 4.031 billiún bliain ó shin, agus tús an aeóin Aircéigh. Tharla an t-imbhualadh idirphláinéadach a chruthaigh an Ghealach go luath san aeón seo. Tagann an t-ainm ó Háidéas, dia an domhain thíos i miotaseolaíocht na Gréige.

Tá carraigeacha Háidéacha an-annamh ar fad; is siorcóin ghráinneacha ó áit amháin in Iarthar na hAstráile an chuid is mó acu.[3] Níl geolaithe ar aon intinn maidir le samhlacha geoifisiceacha an aeóin Háidéigh; d'fhéadfadh sé gur thosaigh teicteonaic phlátaí le linn an aeóin, ach tá an scéal fós conspóideach.[4][5][6]

  1. Dalrymple (2001). "The age of the Earth in the twentieth century: a problem (mostly) solved". Geological Society, London, Special Publications 190 (1): 205–221. doi:10.1144/gsl.sp.2001.190.01.14. Bibcode2001GSLSP.190..205D. Dáta rochtana: 2022-10-02. 
  2. Age of the Earth”. U.S. Geological Survey (1997). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 23 December 2005. Dáta rochtana: 2022-10-03.
  3. Korenaga (2021). "Was There Land on the Early Earth?". Life 11 (11). doi:10.3390/life11111142. PMID 34833018. Bibcode2021Life...11.1142K. 
  4. Dhuime (2012). "A change in the geodynamics of continental growth 3 billion years ago". Science 335 (6074): 1334–1336. doi:10.1126/science.1216066. PMID 22422979. Bibcode2012Sci...335.1334D. 
  5. Harrison (2009). "The Hadean crust: evidence from> 4 Ga zircons". Annual Review of Earth and Planetary Sciences 37 (1): 479–505. doi:10.1146/annurev.earth.031208.100151. Bibcode2009AREPS..37..479H. 
  6. Windley (2021). "Onset of plate tectonics by the Eoarchean". Precambrian Res 352. doi:10.1016/j.precamres.2020.105980. Bibcode2021PreR..35205980W.