Amscála geolaíoch
Soláthraíonn an t-amscála geolaíoch córas le haghaidh tomhais chroineolaíocha ina gcuirtear stratagrafaíocht i gcomparáid le tréimhse ama a bhíonn in úsáid ag geolaithe, pailé-ointeolaithe agus domhaneolaithe eile chun cur síos a dhéanamh ar an t-uainiúchán agus an caidreamh idir imeachtaí a tharla le linn stair an Domhain.
Go dtí tús an 19ú céad chreid beagnach gach éinne nach raibh an Domhan ach na mílte bliain d'aois agus a chruth — na sléibhte, na farraigí, na haibhneacha, na hoileáin, na hilchríocha — gan athrú ó thús ama. Ansin d'fhoilsigh an geolaí Albanach Charles Lyell a leabhar Principles of Geology (Prionsabail na Geolaíochta, 1830) inar chuir sé síos ar a choincheap go raibh an Domhan á athrú an t-am ar fad. De réir a chéile glacadh leis an dearcadh seo go forleathan, agus thar na blianta rinne geolaithe staidéar ar na sraitheanna éagsúla carraigeacha is na hiontaisí de neacha beo a bhí stalctha iontu. Ón srathú geolaíoch agus le cabhair dátaithe gheolaíoch, tá na geolaithe tar éis aois iomlán an Domhain, 4,600 milliún bliain, a roinnt ina 4 ré: an ré Réamh-Chaimbriach a lean ar feadh 4,000 milliún bliain, an Ré Phailéasóch timpeall 590-250 milliún bliain ó shin, an Ré Mhéiseasóch timpeall 250-65 milliún bliain ó shin, agus an Ré Chaenasóch ó 65 milliún bliain ó shin go dtí an lá inniu. Fo-roinntear an 3 ré dheireanach seo ina dtréimhsí áirithe freisin. Go ginearálta faightear fianaise an-lag den bheatha, aoncheallach den chuid is mó, sa ré Réamh-Chaimbriach. Sa ré Phailéasóch thosaigh orgánaigh ilcheallacha is éisc ag teacht chun cinn, agus roinntear an ré seo mar seo: an tréimhse Chaimbriach (590-500 milliún bliain ó shin), an tréimhse Ordaivíseach (500-435 milliún bliain ó shin), an tréimhse Shiolúrach (435-408 milliún bliain ó shin), an tréimhse Dheavónach (408-360 milliún bliain ó shin), an tréimhse Charbónmhar (360-280 milliún bliain ó shin), agus an tréimhse Pheirmeach (280-250 milliún bliain ó shin). Ré na ndineasár a bhí sa ré Mhéiseasóch, agus na péisteanna ceannasach ar fud an Domhain. Sa tréimhse Thriasach, 250-195 milliún bliain ó shin, tháinig na dineasáir i réim agus thosaigh Pangaea ag titim as a chéile. Ansin bhí an tréimhse Iúrasach, 195-140 milliún bliain ó shin. Sa tréimhse Chailceach, 140-65 milliún bliain ó shin, fuair na dineasáir uile bás. Le teacht na ré Caenasóiche tháinig na mamaigh i réim ar Domhan. Tugtar an tréimhse Threasach ar an idirlinn, 65-2 mhilliún bliain ó shin, agus an tréimhse Cheathartha ar an tréimhse ó shin i leith.[1]
Amscála geolaíoch
cuir in eagarAeón | Ré | Tréimhse | Sealad | Aois | Am ó shin (Ma) |
---|---|---|---|---|---|
Fanarasóch | Caenasóch | Ceathartha | Holaicéineach | 0-0,0117 | |
Pléisticéineach | Tarantien | 0,0117–0,126 | |||
Iónach | 0,126–0,781 | ||||
Calábrach | 0,781–1,806 | ||||
Gelasian | 1,806–2,588 | ||||
Neoigineach | Pléicéineach | Piaicéansach | 2,588-3,60 | ||
Zancileanach | 3,60-5,332 | ||||
Méicéineach | Messineach | 5,332-7,246 | |||
Tortónach | 7,246-11,608 | ||||
Serravallach | 11,608-13,65 | ||||
Langhach | 13,65-15,97 | ||||
Burdigalach | 15,97-20,43 | ||||
Acatánach | 20,43-23,03 | ||||
Pailéigéineach | Olagaicéineach | Seatach | 23,03-28,4 | ||
Rúpalach | 28,4-33,9 | ||||
Eoicéineach | Priabónach | 33,9-37,2 | |||
Bartanach | 37,2-40,4 | ||||
Lúitéiteach | 40,4-48,6 | ||||
Ípriseach | 48,6-55,8 | ||||
Pailéicéineach | Tanatach | 55,8-58,7 | |||
Selandach | 58,7-61,7 | ||||
Danaiach | 61,7-65,5 | ||||
Méiseasóch | Cailceach | Uachtarach | Máistríteach | 65,5-70,6 | |
Campánach | 70,6-83,5 | ||||
Santónach | 83,5-85,8 | ||||
Cóiniacach | 85,8-89,3 | ||||
Turónach | 89,3-93,5 | ||||
Ceineamánach | 93,5-99,6 | ||||
Íochtarach | Albach | 99,6-112,0 | |||
Aipteach | 112,0-125,0 | ||||
Bairéimeach | 125,0-130,0 | ||||
Ótraíveach | 130,0-136,4 | ||||
Valangaineach | 136,4-140,2 | ||||
Beiriasach | 140,2-145,5 | ||||
Iúrasach | Uachtarach | Tiotónach | 145,5-150,8 | ||
Cimiritseach | 150,8-155,0 | ||||
Ocsfordach | 155,0-161,2 | ||||
Meánach | Calaitheach | 161,2-164,7 | |||
Batanach | 164,7-167,7 | ||||
Baiseocach | 167,7-171,6 | ||||
Álanach | 171,6-175,6 | ||||
Íochtarach | Tórcach | 175,6-183,0 | |||
Plíonsbachach | 183,0-189,6 | ||||
Sineamúrach | 189,6-196,5 | ||||
Heatangach | 196,5-199,6 | ||||
Triasach | Uachtarach | Raetach | 199,6-203,6 | ||
Nórach | 203,6-216,5 | ||||
Carnach | 216,5-228,0 | ||||
Meánach | Ladanach | 228,0-237,0 | |||
Ainisiach | 237,0-245,0 | ||||
Íochtarach | Olanacach | 245,0-249,7 | |||
Ionduach | 249,7-251,0 | ||||
Pailéasóch | Peirmeach | Lopingiach | Changhsingiach | 251,0-253,8 | |
Wuchiapingiach | 253,8-260,4 | ||||
Guadalupien | Capitaniach | 260,4-265,8 | |||
Wordiach/Casanach | 265,8-268,0 | ||||
Ródach/Ufimíneach | 268,0-270,6 | ||||
Cisuraliach | Cungúrach | 270,6-275,6 | |||
Artainsceach | 275,6-284,4 | ||||
Sacmárach | 284,4-294,6 | ||||
Asseliach | 294,6-299,0 | ||||
Carbónmhar | Pennsylvanien | Gasaileach | 299–303,9 | ||
Kasimovach | 303,9–306,5 | ||||
Moscóvach | 306,5–311,7 | ||||
Baiscireach | 311,7–318,1 | ||||
Mississippien | Serpukhovach | 318,1–326,4 | |||
Viséach | 326,4–345,3 | ||||
Túrnaeiseach | 345,3–359,2 | ||||
Deavónach | Uachtarach | Faiméanach | 359,2 - 374,5 | ||
Frasnach | 374,5-385,3 | ||||
Meánach | Givéatach | 385,3-391,8 | |||
Eighfealach | 391,8-397,5 | ||||
Íochtarach | Eimseach | 397,5-407,0 | |||
Prágach | 407,0-411,2 | ||||
Lochkovach | 411,2-416,0 | ||||
Siolúrach | Pridolach | 416,0-418,7 | |||
Ludlowach | Ludfordach | 418,7-421,3 | |||
Gorstach | 421,3-422,9 | ||||
Wenlock | Hóiméarach | 422,9-426,2 | |||
Sheinwoodien | 426,2-428,2 | ||||
Llandovereach | Telycheach | 428,2-436,0 | |||
Aeronach | 436,0-439,0 | ||||
Rhuddanach | 439,0-443,7 | ||||
Ordaivíseach | Uachtarach | Hirnantach | 443,7-445,8 | ||
Katach | 445,8-455,8 | ||||
Sandbach | 455,8-460,9 | ||||
Meánach | Darriwiliach | 460,9-468,1 | |||
Dapingeach | 468,1-471,8 | ||||
Íochtarach | Floien | 471,8-478,6 | |||
Tremadocien | 478,6-488,3 | ||||
Caimbriach | Furongiach | 10ú sealad | 488,3-? | ||
9ú sealad | |||||
Paibiach | ?-501,0 | ||||
3ú sealad | Guzhangiach | 501,0-? | |||
Drumach | |||||
5ú sealad | ?-513,0 | ||||
2ú sealad | 4ú sealad | 513,0-? | |||
3ú sealad | |||||
Terreneuvach | 2ú sealad | ||||
Luath | ?-542,0 |
Aeón | Ré | Tréimhse | Am ó shin (Ma) |
---|---|---|---|
Prótarasóch | Neoprótarasóch | Eidiacarach | 542 - ~630 |
Crióigineach | ~630 - 850 | ||
Tónach | 850 - 1000 | ||
Mesoprótarasóch | Stéineach | 1000 - 1200 | |
Eicteasach | 1200 - 1400 | ||
Cailimeach | 1400 - 1600 | ||
Paleoprótarasóch | Statheriach | 1600 - 1800 | |
Orosiriach | 1800 - 2050 | ||
Riasach | 2050 - 2300 | ||
Sideriach | 2300 - 2500 | ||
Aircéach | Neoaircéach | 2500 - 2800 | |
Mesoaircéach | 2800 - 3200 | ||
Paleoaircéach | 3200 - 3600 | ||
Eoaircéach | 3600 - 3800 | ||
Háidéach | 4567.3 ± 0.16 |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Amscála geolaíoch". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 36.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |