Is éard is Pangaea[1] ann ná ainm a thugtar ar an aon mheall talún a bhí ar Domhan timpeall 200 milliún bliain ó shin, meastar, roimh scoilteadh na mór-ranna is deascadh na n-ilchríoch. Ciallaíonn Pangaea ‘na tíortha uile’, agus is bunchuid de theoiric dheascadh na n-ilchríoch an coincheap seo.[2]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.