Is é an Siliúrach an 3ú tréimhse sa ré Phailéasóch, 435-408 milliún bliain ó shin. Bhí an hainmhithe mara cosúil lena raibh sa tréimhse Ordaivíseach roimpi den chuid is mó, ach chuaigh na grapailítí i léig lena linn agus tháinig na héisc ghiallacha chun cinn. Nochtadh plandaí tíre den chéad uair.